Tuesday, May 3, 2011

Fuinneog na Faille

Tá sé de nós agam na focail ‘tá súil agam’ a scríobh, nó a rá, ag deireadh abairte, abairt ina bhfuil sé luaite agam go bhfuilim ag brath ar rud a dhéanamh, an dtuigeann sibh. Tá fáth leis sin.

‘Céard atá i gceist agat, a Áine?’ cloisim uaibh.

Bhuel, nuair a scríobh mise, i mo bhlagmhír dheireanach, mar shampla, ‘Faoin am seo amárach, beidh mé i mBarcelona…’ bhí mo bhrath luaite agam, ach chuir mé ‘tá súil agam’ ag deireadh na habairte, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh.

Ní hé nach bhfuilim dóchasach, a léitheoirí, ach d’fhoghlaim mé, thar na blianta, nach féidir brath ar inneall ná ar intinn, agus is fearr bheith ullamh don ‘eachtra gan choinne’, mar a déarfá.

Cén eachtra gan choinne a tharla, a Áine?’ cloisim uaibh.

Bhuel, an geábh seo, fadhb leis an bhfuinneog i gcró an phíolóta ba chúis leis an moill a cuireadh ormsa, agus ar chuile dhuine eile san eitleán liom, tráthnóna Dé Céadaoin seo caite; fadhb a d’fhág go raibh orainn an oíche a chaitheamh in óstán i mBaile Átha Cliath, seachas in óstán i mBarcelona, mar a bhí braite agam.  

Sea, thréig mo ‘bhrath’ mé. Bhí mo ‘tá súil agam’ fíoraithe, ar bhealach. Níor fhágamar aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí an lá arna mhárach, rud a d’fhág nach raibh agam ach trí lá agus trí oíche i gcathair álainn Bharcelona. Tuilleadh faoi sin amach anseo.

Ach anois, ar ais linn go dtí cró an phíolóta, ar eitleán Aer Lingus, oíche Dé Céadaoin, in aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhíomar deireanach ag dul ar bord, ó tharla nár osclaíodh na geataí in am. Ní haon chás annamh a leithéidí sin, cloisim uaibh, a léitheoirí, agus bheadh an ceart agaibh.

Mar sin féin, tar éis dhá uair go leith a chaitheamh ar an eitleán féin, ag breathnú ar innealtóirí ag teacht agus ag imeacht as cró an phíolóta, bhí nóisean agam go raibh, ahem, fadhb éigin ár gcoinneáil ar an rúidbhealach. Go deimhin, bhí an dara ‘xanax’ slogtha agam faoin am sin.

Ní réitíonn mise agus eitilt go rómhaith lena chéile, an dtuigeann sibh, agus bhí éifeacht an chéad xanax, táibléad a tógadh ‘one hour before the flight is due to leave’ mar a moltar, bhuel, bhí a éifeacht maolaithe go maith, in éineacht le mo mhisneach, chomh luath agus a chonaic mé an chéad innealtóir ag dul isteach sa chró.  

Le scéal gearr a dhéanamh níos faide, cuireadh den eitleán muid faoi dheireadh, agus cuireadh go hóstán muid, áit ina raibh dinnéar ag fanacht linn, agus seomraí réidh faoinár gcoinne.

An fhadhb leis an eitleán? Bíodh sé fíor nó ná bíodh, dúradh liom go raibh fuinneog chró an phíolóta oscailte, agus nach raibh siad in ann í a dhúnadh. Faoin am sin, bhí seacht n-uaire an chloig caite agam san aerfort, agus ba chuma liom faoin fhuinneog chadránta. Ní raibh uaim ach gloine fíona agus leaba. Chaith Aer Lingus go hiontach linn, caithfidh mé a rá.

Ar an mbealach chuig an óstán, ar an mbus a cuireadh ar fáil dúinn, chuala mé comhrá ar mo chúl.

Just as well we weren’t flying with Ryanair…’ arsa an bhean, ‘…or we’d be spending the night on the airport floor, instead of in a hotel.’

‘Not true…’ arsa a fear deisbhéalach léi, ‘…Ryanair would have flown to Barcelona, and left the window open.’

5 comments:

aonghus said...

Bhuel, tháinig tú slán as pé ar bith. Mise ag eitilt leis an ál ag deireadh na seachtaine seo - le Ruinair. Súil agam go dtiocfaidh muid slán as aon ghaiste mar é.

Mise Áine said...

@ 'Súil agam go dtiocfaidh muid slán as aon ghaiste mar é.'

Tá súil agamsa, freisin, a chara...:-)

ormondo said...

Chuirfeadh eachtra na fuinneoige nó a leithéíd d'amaidí le báiní mé! Mar dhuine a bhíonn go minic in eitleán caithfidh mé a rá go dtéann an foighne i laghad de réir mar a fhásann minicíocht na n-eitiltí. Fásann an leadrán ina theannta agus, i mo chás ar aon nós, dhíbrigh sin an míshuaimhneas a bhraith mé tráth den saol agus mé i mbun eitilte.

Tá súil agam gur bhain tú sult as an turas d'ainneoin ar tharla.

Dennis King said...

“Le cúnamh Dé” a deirim / scríobhaim go minic, nó “God willing” i mBéarla, cé nach gcreidim Ann ar chor ar bith!

Chaith Aer Lingus go hiontach linn, caithfidh mé a rá.

Tá mé sásta é sin a chloisteáil.

Beidh muid ag eitilt go dtí an Róimh via Londain Dé Luain seo chugainn ar BA, le cúnamh Dé!

Mise Áine said...

@ 'Tá súil agam gur bhain tú sult as an turas d'ainneoin ar tharla.'

Bhain, go deimhin, a chara! Tá sé de nós agam sult a bhaint as an eachtra gan choinne, chomh maith leis an rud pleanáilte, mar a déarfá - a fhad is nach drochscéal amach is amach atá i gceist ar ndóigh.

@ 'Beidh muid ag eitilt go dtí an Róimh via Londain Dé Luain seo chugainn ar BA, le cúnamh Dé!'

Bain sult as! Le cuidiú Cé, ní bheidh aon eachtra gan choinne romhat, tá súil agam...;-)