Monday, May 9, 2011

Focail Liom Focail Leat

Bhí mé amuigh ag siúl ar maidin, agus céard a chonaic mé ar an gcosán romham, é chomh nua sin go raibh sé ag glioscarnach le grian na maidine, céard a bhí ann ach píosa chúig cent.

Anois, is iondúil liomsa aon airgead a fheicim caillte nó caite go fánach mar sin, is iondúil liom é a phiocadh suas, agus é a chur i mo phóca; cé go bhfuil fear sa teach anseo liom i gCeann Scríbe a mhaíonn nach ionann airgead atá caite ar an drisiúr aige agus airgead atá ‘caillte’. Ach, sin scéal eile. Sea sin.

Ar aon nós, chinn mé ar maidin gan an píosa airgid a phiocadh suas, agus inseoidh mé daoibh cén fáth. Is cuimhin liom, agus mé i mo pháiste, an lúcháir a bheadh orm féin dá n-éiríodh liom pingin chaillte a aimsiú. Ar ndóigh, lom díreach i dtreo an tsiopa a théinn le mo phingin rua, le milseáin a cheannach, cé go mbínn breá sásta na milseáin a roinnt leis na daoine bochta, dá gcastaí a leithéidí orm, an dtuigeann sibh. 

Mar thoradh ar an gcuimhne sin, d’fhág mé na cúig cent san áit ina raibh siad, le deis a thabhairt do pháiste éigin an t-airgead, agus an lúcháir sin, a aimsiú.  

Ar mo bhealach abhaile ina dhiaidh sin, rith an smaoineamh liom nach bhféadfá mórán a cheannach ar chúig cent na laethanta seo, agus go m’fhéidir nach raibh fágtha i mo dhiaidh agam ach cianóg rua (brass farthing/red cent), nach fiú cros na cianóige é (worthless); nach raibh ann ach sciúrtóg (valueless coin), a d’fhágfadh an té gan sciúrtóg rua ina phóca aige (without a red cent in his pocket) gan phingin gan bhonn (penniless), agus cé nach bhféadfadh an t-aimsitheoir a rá nach raibh pingin rua ná geal aige (broke!), meas tú an bhféadfadh sé a rá nach raibh bonn bán ina phóca aige (hadn’t a penny in his pocket). Hmmm…

2 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

má thagann ceann ar bith de na pingneacha sin do bhealach arís, rua ná bán, coinnigh domh iad....

Mise Áine said...

Téann siad uilig isteach sa mhuicín taisce, agus beidh siad ag dul chuig iCARE chomh luath agus a bheas an muicín lán...:-)