Wednesday, May 18, 2011

Bolgán Pléasctha

Ní raibh deis agam, go dtí tráthnóna inniu, súil a chaitheamh ar an gclár Prime Time Investigates, an clár sin faoi na tiománaithe tacsaí, clár a tharraing aird nach beag ar na fadhbanna san earnáil sin – faoi dheireadh.

a taithí uafásach féin roinnte ag an gCailín Deas linn, agus táimse, mar bhean ach go háirithe, iontach buíoch di go ndeachaigh sí chuig na gardaí, agus gur éirigh léi a dóthain eolais a thabhairt do na gardaí, le go mbeidh siad in ann an tiománaí tacsaí sin a chur den bhóthar. Tá súil agam.

Fiú gan an scéal ón gCailín Deas léite agam, bhí uaim an clár sin a fheiceáil, agus inseoidh mé daoibh cén fáth, a léitheoirí. Tharla sé go raibh triúr ban i mo chomhluadar, níl sé i bhfad ó shin, agus bhí duine acu ag insint dom faoina taithí phearsanta féin le tiománaí tacsaí, i mBaile Átha Cliath, an deireadh seachtaine roimhe sin.

Bhí sí ar a bealach abhaile ón gclub oíche ina raibh sí, a cairde imithe le chéile i dtacsaí amháin, ise i dtacsaí léi féin, ó tharla cónaí uirthi ar an taobh eile den chathair, an dtuigeann sibh. Ní raibh sí ag ól an oíche sin, mar sin bhí cuimhne mhaith aici ar an gcomhrá a bhí aici leis an tiománaí.

Chomh luath agus a chuala sí na focail ‘If I had known it was going to be this quiet tonight, I would have stayed at home and watched some porn.’ ag teacht ón tiománaí, bhí a fón póca amuigh aici agus sonraí an tiománaí tacsaí á seoladh aici chuig a cairde sa tacsaí eile. Ar fhaitíos na bhfaitíos, a dúirt sí liom.

‘Why didn’t you get out of the taxi there and then?’ arsa mé féin léi, é soiléir le feiceáil ag an triúr acu go raibh díomá agus corraí orm go ndéarfadh tiománaí tacsaí a leithéid le bean ar bith, gan trácht ar é a rá le bean a bhí i dtacsaí ina haonar.

Pé scéal é, is cosúil go bhfuilim i mo chónaí, mar a dúirt duine den triúr liom, i mo ‘happy bubble’ anseo faoin tuath, áit nach bhfuil, a dúradh liom, gá agamsa le tacsaithe, agus áit ina bhfuilim iomlán aineolach, a dúradh liom, ar a bhfuil ag tarlú ar fud na cathrach i mBaile Átha Cliath.

Bhuel, b’fhéidir go raibh mé i mo ‘happy bubble’ agus aineolach, a léitheoirí, ach is léir domsa, ón gclár Prime Time Investigates, go bhfuil na daoine atá in ainm a bheith ar an eolas, agus atá in ainm a bheith ag rialú earnáil na dtacsaithe, go bhfuil siadsan istigh ina mbolgán féin, shílfeá.

Tá súil agam go bhfuil an bolgán sin pléasctha go maith anois ag an gclár Prime Time Investigates, agus go ndéanfar rud éigin, go luath, faoi earnáil ainrialta na dtacsaithe, sula mbeidh sé ródheireanach.  

6 comments:

aonghus said...

Gurab amhlaidh é!

John said...

Tá súil agamsa freisin.

@ earnáil ainrialta na dtacsaithe

Ní fada ó shin a bhí an earnáil céanna i bhfad Éireann róshrianta. Do bhíodh ort seasamh amuigh sa bháisteach oíche Sathairn i scuaine fada ar feadh na n-uaireanta (uaireanta) ag fanacht ar tacsaí nuair a d'fhreastal mise ar DCU ag tús na 2000aidí.

Is beag idir trá is tuile.

Mise Áine said...

@ i bhfad Éireann róshrianta.

Más buan mo chuimhne, a John, cuireadh srian ar an méid acu a ceadaíodh, rud nach ionann, seans, agus súil a choinneáil ar an earnáil féin, agus ar a bhfuil ag tarlú ann i láthair na huaire, más fíor an méid a dúradh sa chlár iontach sin.

Mo chuimhne, tréaslaím le lucht déanta an chláir sin, Prime Time Investigates. Táim den bharúil go gcuideoidh an taighde/fiosrúchán a rinne siadsan le daoine a shábháil ó chontúirt amach anseo.

Go deimhin, nach raibh sé suimiúil nach labhródh aon duine ón National Transport Authority leo ar an gclár - nach iadsan na rialtóirí - cá raibh siad!

ormondo said...

"...nach iadsan na rialtóirí - cá raibh siad!"

Aithním an cheist! Cár chuala mé nó cathain a chuala mé an cheist sin cheana?

Mise Áine said...

Ceist mhaith, a Fhearghuis...;-)

Colm Ó Broin said...

Níl údar gearáin agam faoi na tacsaite caithfid mé ar rá, caithfidh go raibh an t-ádh orm go dtí seo. Chuala mé scéaltaí faoin NCT áfach, go raibh oibrithe in ionaid éagsúla ag glacadh le breabanna.