Wednesday, May 4, 2011

Ar Thóir an tSonais

Bhí Alex Hijmans liom i mBarcelona, ar bhealach.

Ní raibh sé féin ann liom, an dtuigeann sibh, ach bhí an leabhar a scríobh sé, Favela, liom agam, leabhar atá scríofa chomh hionraic simplí sin gur mhothaigh mé go raibh Alex féin le mo thaobh, ag insint an scéil dom. 

D’fhoghlaim mé go leor ón leabhar iontach seo. Táim fíor bhuíoch don údar, Alex, agus do Nilton, agus do Naná, agus do Bhruno, agus do na déithe uilig a shiúil le mo thaobh ar bhóithre Tancredo Neves na Brasaíle - táim buíoch díobh uilig, mar gur airigh mé liom iad, leathanach i ndiaidh leathanaigh, a scéalta á roinnt acu liom, mar a bheinn á gcloisteáil uatha féin, go pearsanta.

Is tallann ar leith a bhaineann lena leithéid de scríbhneoireacht; scríbhneoireacht údair a tharraingíonn an léitheoir, ní hamháin isteach sa scéal, ach isteach sna tithe leis, le go bhfaighe tú aithne ar na daoine, le go bhfaighe tú aithne ar an áit ina bhfuil cónaí orthu, le go bhfeice tú an chaoi a maireann siad i mbruachbhaile bocht, i gceann de favelas na Brasaíle.

Léigh an leabhar, más rud go bhfuil tú ar thóir do chuid sonais féin, a léitheoir. Má léann tú é, tá seans ann go mbeidh tuiscint níos fearr agat ar an rud is ‘sonas’ ann.

Go raibh maith agat, a Alex. Bhain mé sult as do chomhluadar i mBarcelona.
                               **********************
Is féidir léirmheas Aonghuis a léamh anseo. Is féidir blag Alex a léamh anseo.

Favela; Ar Thóir an tSonais i mBruachbhaile Bocht
(Cois Life, 2009, Alex Hijmans, ISBN 978-1-901176-96-4)

4 comments:

aonghus said...

Ana dheas. Cuir síos iontach.

ormondo said...

Déanann tú cathú dochloíte de le do léirmheas agus led' mholadh.

Tá sé ar an liosta agam!

Mise Áine said...

Cuir an locht ar Aonghus, a Ormondo - eisean a chuir an cathú ormsa!

Go raibh maith agat, a Aonghuis...:-)

aonghus said...

Níl a bhuíochas ort