Monday, May 30, 2011

Ar Ais Arís

Anois, cá raibh mé? Oh, sea, bhí mé i mBaile Átha Cliath…

Tá sibh ann a déarfadh ‘Big deal!’, agus bheadh an ceart agaibh, ar bhealach. Bhí 'dealing' de shórt i gceist, gan dabht - roinneadh comhluadar agus craic, le comhbhlagálaithe, le cairde, le cine is le clann.

Agus, roinneadh scéalta go leor liom, bíodh siad fíor nó ná bíodh. Cuid de na scéalta sin, roinnfear anseo iad, de réir a chéile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile: an bhean leis an ngunna ina mála, an fear leathlámhach, na fir ag guí i dtreo an bhalla, an bhean ina luí ag an doras, an tiománaí tacsaí nár roinn go leor, ach a dúirt a dhóthain.

Ach, tá scéalta eile a chuala mé, nach roinnfear go brách, anseo ná in aon áit eile, mar gur roinneadh liom iad, le hiad a choinneáil faoi rún agus faoi choimirce, i gceangal an chairdis.

4 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

ha! cé acu mise? Sin an cheist!!!!

aonghus said...

Iad ar fad! Promhadh atá anseo - an bhfuil fadhb agam trácht a fhágáil?

aonghus said...

Is cosúil nach bhfuil!

ormondo said...

Tá súil agam go raibh an tiománaí tacsaí go múinte!