Thursday, May 19, 2011

Ach Céard Í An Fhadhb?

Bhí mé i nDoire inniu, san Foyleside Shopping Centre, áit ar phioc mé suas pacáiste ó sheastán ann, pacáiste ina raibh nithe éagsúla a bhaineann leis an bhfeachtas seo, Seachtain um Chaidreamh Pobail 2011.


Pé scéal é, istigh sa phacáiste, bhí an balún thuas. Nuair a chonaic mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar an mBanríon Eilís II, agus ar ár nUachtarán uasal féin, Máire Mhic Ghiolla Íosa.

Ansin, thóg mé amach an mála thuas, agus smaoinigh mé ar na daoine sin a chuir fáilte roimh an mbanríon chuig an tír seo, agus smaoinigh mé, freisin, orthu siúd nár chuir fáilte roimpi.  
Thóg mé amach an máilín milseán thuas. Nuair a léigh mé na focail a bhí scríofa air, smaoinigh mé ar na daoine sin a thugann dúshlán ciníochais agus seicteachais, na daoine sin atá de shíor ag obair ar mhaithe le síocháin agus ar son tuisceana, agus ghuigh mé rath a gCé orthu uilig.   

3 comments:

aonghus said...

Manaí deasa, ach cuir leo!

ormondo said...

Níl an Fountain ach dhá chéad méadar ar a mhéad ón áit ina raibh tú. Ar fhéach tú riamh isteach ann, ón mballa, mar shampla?

Mise Áine said...

@ ach cuir leo! @ every person should try

Déanaim m'iarracht...:-)

@ Ar fhéach tú riamh isteach ann, ón mballa, mar shampla?

D'fhéach, go minic, a chara.