Saturday, April 23, 2011

Éire 2011

B’fhéidir go gceapann tú, a thacaí na Gaeilge, nach bhfuil tú in ann filíocht a scríobh, ach chuirfinn geall leat go mbeadh tú in ann, abair, ceithre líne, ar a laghad, de dhán den teideal ‘Éire 2011’ a chur le chéile, don chomórtas seo. Go deimhin, is féidir leat suas le 20 líne a scríobh, más mian leat, deirtear.

Cé nach luaitear na focail ‘Éire 2011’ in aon áit, táimse den bharúil go mbeadh sé go deas dá ndéanfadh duine nó dhó, nó triúr, nó ceathrar againn iarracht ar pheann a chur le pár, agus dán an duine, as Gaeilge, a sheoladh chucu ag poetrycompetition@rte.ie.

Is ionann ‘Éire 2011’ agus ‘Ireland 2011’, nach ea?

Tá na rialacha uilig ar an suíomh sin thuasluaite, nó ar shuíomh an John Murray Show anseo. Tá agaibh go dtí an 13ú Bealtaine le dán a sheoladh chucu, más mian libh.

3 comments:

Réaltán Ní Leannáin said...

fuair mé ríomhphost ó Fheargus Ó S. cúpla lá ó shin mar gheall air seo. Déanta! Ach maith an rud é a chur amach ar do bhlag!

COGAR! said...

Déanta

Mise Áine said...

Maith sibh beirt!

Táim ag obair ar mo dhán féin inniu, agus beidh sé ag dul i ríomhphost chucu go luath...:-)