Friday, April 1, 2011

Céim Soir

Chaith mé an lá ar an mbóthar inné, ar mo bhealach go Baile Átha Cliath, agus Áras an Uachtaráin, áit ar fhan mé aréir, i seomra álainn ann, ó tharla cuireadh faighte agam bheith i láthair ag ócáid mhór a bheas ar siúl sa teach stairiúil seo, inniu.

An tseachtain seo caite a tháinig an cuireadh oifigiúil sa phost. Bhí sé scríofa ar chárta órchiumhsach, agus thosaigh sé leis na focail ‘Ba mhór ag an Uachtarán Uasal, Máire Mhic Ghiolla Íosa, agus a fear, Máirtín, cuireadh a thabhairt do 'Áine agus Sióg' bheith i láthair ag ócáid bhronnta na gcéimeanna, An Cat is Craiceáilte in Éirinn' agus ag an gceiliúradh ina dhiaidh sin i dTeach Farmleigh,  ar an Aoine seo, 1 Aibreán.'

Ar ndóigh, ní amadán mise, bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, agus céard eile a dhéanfainn, ach Sióg a chaitheamh sa charr, agus an bóthar soir a bhualadh. Cé nach cat é Sióg a dtaitníonn ócáidí callánacha leis, mura n-eagraíonn sé féin iad, tuigeann sé tábhacht an lae mhóir seo, agus táim den bharúil go mbainfimid beirt sult as.

Go mba hé daoibh, cibé áit ina mbeidh sibh inniu, a amadáin chairde.

3 comments:

Anonymous said...

Nach aisteach an rud é go bhfuair mise an cuireadh céanna, agus gan oiread is puisín amháin againn anseo.

ormondo said...

Aha! Ba thusa a bhí ag srannadh chomh láidir sin aréir agus chuireas an locht ar Mháirtín bocht!

Mise Áine said...

@ SeanO

Is mór an trua nár ghlac tú leis an gcuireadh, mar bhí an dinnéar go hálainn - biachlár 'a la cat' a bhí ann...

@ Ormondo

Aiféala orm faoi sin, a chara, ach rinne mé chuile iarracht é a choinneáil socair...