Wednesday, April 27, 2011

Adiós!

Faoin am seo amárach, beidh mé i mBarcelona, tá súil agam.

‘Tá Barcelona go hálainn!’ a dúradh liom, arís is arís eile, ó luaigh mé le daoine go raibh mé ag dul ann. Bhuel, is gearr go mbeidh an fhianaise os mo chomhair, a léitheoirí, agus táim ag dúil go mór leis an áit a fheiceáil, caithfidh mé a rá.

Ní bheidh mo ríomhaire glúine liom agam, ó tharla gur gheall mé do mo chara, mo chompánach taistil, nach dtabharfainn liom é. Tá An Garraíodóir den bharúil nach mairfidh mé gan é. Is dóigh gurb é, ahem, an ríomhaire glúine atá i gceist aige, chan é féin, an dtuigeann sibh. Sea.  

Cé go mbeidh mé i bhfad ó bhaile, ní bheidh mé i bhfad as baile. Tá súil agam nach mbeidh sibh uaigneach i m’uireasa, a léitheoirí, ach tá an bhean seo ag dul ag Rambláil

11 comments:

Dennis King said...

Go n-éirí an t-eitleán leat!
;-)

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Bon Voyage!

Anonymous said...

Ná déan dearmad ar d'uachtar gréine.

aonghus said...

Go n-éirí do thuras leat. Deá smaoineamh dul gan gléasanna! Súil agam áfach go bhfuil leabhar nótaí agat, d'fhonn Immram Áine ar na Ramblas a thuairisciú dúinn

Eoin Ó Riain said...

Smaoinigh orainn agus tú ag rambláil ar an Ramblas...téir suas chomh fada le Tibidabo le radharc álainn ar an gcathair...

aonghus said...

Ainm iontach é sin Tibidabo. Deir Muintir na háite gurbh ann a thug an Diabhail Críost chun cathú a chuir air. (Féach Lúcás 4:6 Tibi dabo = tabharfaidh mé duit)

John said...

¡Buen viaje!

Darren J. said...

Bain taitneamh as!!!

ormondo said...

Tabhair aire dod' thiachóg i mBarrio Chino!

Réaltán Ní Leannáin said...

bain sult!

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh, a chairde!

Tuilleadh uaim faoin aistear, amach anseo. Tuirse aerthurais, an dtuigeann sibh...