Wednesday, March 2, 2011

Oscailteacht agus Trédhearcacht?

An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a léitheoirí, ach bhí mé féin den tuairim, ó bheith ag éisteacht le polaiteoirí éagsúla ar an raidió agus ar an teilifís le blianta anuas, nach raibh cumhacht ar bith acu, i ndáiríre, ach gurb iad na státseirbhísigh atá i gceannas, agus gurb iadsan, na státseirbhísigh stuama, a mholann, a stiúrann, agus a dhéanann cinnte de nach ndéanfaidh na polaiteoirí botúnacha aon cheo as bealach.

Bhuel, ón méid atá cloiste agam ó na meáin le lá nó dhó, agus ón méid atá léite agam ar maidin, táim den bharúil go bhfuil gabhlánacht nach beag ag baint leis an méid a tugadh le tuiscint dom thar na blianta.

Ní hé go bhfuil aon ionadh orm, an dtuigeann sibh, mar thuig mé, le fada, gur dóigh go bhfuil teanga ghabhlánach nó dhó ina suí ag bord na Comh-aireachta, agus gur féidir leo, le cuidiú óna gcomhairleoirí caidrimh phoiblí, gach ní a deir siad a mhúnlú, de réir a n-aidhmeanna, is dócha.

Mar sin féin, nuair a léimwhile Mr McCreevy and Mr Cowen as finance ministers each year brought the Budget recom-mended by the civil servants to their cabinet colleagues, they were overturned in favour of more generous policies.’, cuireann sé iontas orm nach raibh duine nó dhó ag bord na Comh-aireachta nár scread, i sean-ard a gcinn,  ‘Stop!’

Arís is arís eile, tá na scéalta cloiste againn. Ar maidin, cuirim an cheist, cá bhfuil an ‘oscailteacht agus trédhearcacht’ a gealladh dúinn?

Agus cuirim ceist eile, arís, ‘Where were all the good people?’

2 comments:

Néidí said...

Tá na polaiteoirí i gceannas. Ní dóigh liom gur chreid éinne aon rud difriúl agus mar sin tá an locht go huile agus go hiomlán orthu siúd Tá wikileaks ag teastáil in Éirinn

Mise Áine said...

@ 'Tá wikileaks ag teastáil in Éirinn'

Anois, nach mbeadh sé sin suimiúil, dá dtarlódh sé, a Néidi!