Sunday, March 13, 2011

Oscailt Oifigiúil Ionad Ghaelphobail

Chaith mé cuid de thráthnóna Dé hAoine ag an ionad ‘buail isteach’, ionad nua a d’oscail Gaelphobal Cheantar an tSratha Báin, go hoifigiúil, ní ba luaithe an mhaidin sin.  
Beidh an t-ionad seo á fhorbairt mar ionad croíláir na Gaeilge ar an tSrath Bán, agus is ann atá Máirtín Ó Maolmhuaidh, comhghleacaí liom ó aimsir ár bhfoghlama in Ollscoil Uladh ag Coláiste Mhig Aoidh, fostaithe mar Oifigeach Forbartha na Gaeilge. Is fear cumasach é Máirtín, agus níl dabht ar bith agamsa ach go mbeidh bláth ar an teanga san áit faoina chúram.

Faoin scáth na heagraíochta Gaelphobal, tá Gaelscoil agus Naíscoil áitiúil, craobhacha de Chonradh na Gaeilge, de Chomhluadar agus d’Ógras. Bíonn ranganna Gaeilge curtha ar fáil timpeall na háite gach seachtain, chomh maith le ciorcal comhrá Is Leor Beirt san ionad ar an Satharn. Tá Club Leabhar acu, freisin.
Is féidir earraí ceoil, ceardaíochta agus leabhair Ghaeilge a cheannach san ionad. Go deimhin, is ann a cheannaigh mé leabhar filíochta Phroinsias, Faigh Greim ar an Ghrian, rud eile a chuir go mór le mo lá, caithfidh mé a rá! 

Eagraítear ceardlanna cócaireachta agus ceardlanna ceardaíochta san ionad, ó am go chéile, agus bíonn oícheanta sóisialta ag na daoine óga ann, rud a chuidíonn go mór le cumas labhartha Gaeilge na scoláirí ón mheánscoil áitiúil, agus a thugann deis dóibh cumarsáid as Gaeilge a dhéanamh lena gcairde.
Bhuail mé le Seán Mór, Gina, agus Gary, cuid de thumchónaitheoirí Ghleann Cholm Cille, agus bhí cupán caife agam leosan, agus le Máirtín, san ionad nua.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoin eagraíocht anseo, áit a gcloisfidh sibh an Cathaoirleach, Seán Mór Ó Daimhín, ag labhairt le Tomaí Ó Conghaile ó Nuacht 24, faoi bhorradh na teanga i gceantar an tSratha Báin, i dTír Eoghain.  

Comhghairdeas ó chroí leo uilig i nGaelphobal Cheantar an tSratha Báin. Le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge, tá Oifigeach Forbartha Gaeilge lonnaithe san ionad nua, agus tá an-obair á dhéanamh acu ar son na Gaeilge san áit. Beidh mé ag ‘bualadh isteach’ chucu arís, gan dabht.
 

12 comments:

Dennis King said...

Tá súil agam go mbeidh rath agus bláth ar an ionad nua, agus ar phobal na Gaeilge sa cheantar.

Christian Science Reading Room de chuid na nGael?
;-)

Níl a fhios agam, ámh, an bhfuil a leithéid le fáil in Éirinn. Is dócha nach bhfuil. Reilgiún Meiriceánach is ea é ón naoú haois déag.

Néidí said...

Breathnaíonn sé ar fheabhas ar fad. Éad mór anseo i mBaile Átha Cliath.

Mise Áine said...

@' Christian Science Reading Room de chuid na nGael?'

ILG!

Ní dóigh liom é, ach más rud go bhfuil siad ag iarraidh Gaeilge a labhairt, nó a fhoghlaim, sin an áit le bheith... :-)

Mise Áine said...

@ Néidí

Tá sé ar fheabhas, agus bheadh sé iontach áit mar é a bheith lonnaithe fud fad na tíre, le go mbeadh deis ag daoine an Ghaeilge a labhairt, agus a úsáid, ar go leor bealaí.

Samhlaigh scoláirí meánscoile ag bualadh isteach, ag foghlaim agus ag labhairt Gaeilge, go sóisialta - nach mbeadh sé ina chuidiú mór, don Ardteist, ach go háirithe.

Dennis King said...

Chabad House na Gaeilge is na nGael, mar sin.
:-)

Mise Áine said...

Bhuel, is smaoineamh maith atá ann, pé scéal é, a Dennis, ach céard faoi ainm nua a chumadh - abair Teach Láirneáil? Nó, fiú Teach Láirneáin?

Dennis King said...

lár + airneán ?
;-)

Séard atá á rá agam ná bhfuil tarrtháil agus tarchur na teanga cosúil le reiligiún saolta anois. Níl aon locht air sin, más é sin atá ag teastáil.

Mise Áine said...

Thuig mé go maith gur samhlacha a bhí i gceist agat, a Dennis!

Ach, an gcuirfinn samhail fearacht ‘reiligiún saolta’ ar an nGaeilge, teanga atá inár ngéinte go nádúrtha, nár brúdh orainn, a tháinig, go dúchasach, lenár sinsear, ón gcéad lá riamh?

Níl a shamhail le fáil…;-)

Dennis King said...

teanga atá inár ngéinte go nádúrtha

Dá mbeadh sé chomh simplí sin!

Mise Áine said...
This comment has been removed by the author.
Mise Áine said...

An rud a bhí i gceist agam, a Dennis, ná gur treise dúchas ná oiliúint.

É sin ráite, muise, nach mbeadh sé iontach dá dtiocfadh teangacha chugainn tríd ár ngéinte, mar a thagann dath ár súile, mar shampla - bheadh Gaeilge ag chuile Ghael beo ansin! :-)

Darren J. said...

Iontach!!!