An bhfuil tú ar forbhás, a léitheoir?
Ghéaraigh mo chluasa ar an fón nuair a chuala mé, ón Dómhnallach, ‘Bhí mé ar forbhás go dtiocfadh scéala.’ Go deimhin, is ‘Bhí mé forabhás go dtiocfadh scéala.’ an rud a thit ar mo chluasa, ach is dóigh liom gur ar forbhás an leagan a scríobhtar.
Pé scéal é, go dtí sin, ní raibh an nath cainte ar forbhás cloiste ná feicthe agam, agus ba ghearr uaim mo cheist ar an Dómhnallach. Dar léi, imní, nó míshochracht de shaghas éigin, a bhí i gceist aici leis an bhfocal, agus í den bharúil gur forbhás an chaoi lena litriú. Agus, ar ndóigh, bhí an ceart aici. Agus an míniú? Sin ceist eile.
Dar leo anseo, luann na Bráithre Críostaí (lch. 19, GGBC) gur corrach a bheadh an rud a bheadh ar forbhás, rud lena n-aontaíonn teasáras Pota Focal, feictear dom, cé go bhfuil sealadach, soghluaiste, agus baoth scríofa mar mhíniú ann, chomh maith. Dar le WinGléacht, is ionann an rud corrach agus rud a bheadh uneasy nó unsettled, b’fhéidir.
Seans go mbeadh Dinneen (lch.479) ag aontú leis sin, ar bhealach, mar is ionann an focal forbhás aigesean agus edge nó slope. An raibh An Dómhnallach on edge, mar sin, agus í ar forbhás? An mbeadh an duine atá on edge, agus an duine atá uneasy nó unsettled, sórt imníoch, nó míshocair, meas tú?
Dar le focal.ie, bheadh an caibinéad ar forbhás dá mbeadh sé tipping over, agus thitfeadh sé sin isteach leis an ngluais a roinn Ormondo linn anseo, áit ina bhfuil top heavy mar mhíniú ar an nath cainte ar forbhás, sa scéal An Taoille Tuile, ón leabhar An Braon Broghach (lch. 46), le Máirtín Ó Cadhain (An Gúm):
“Chuir sí oiread maolóige le ceachtar den bheirt Loideánach ar an dara cliabh. Murach scuabán den mhaológ seo a bhí ar forbhás ar fhiacail an chléibh agus a thit di, ag teacht amach ciumhais na Cora, ní móide go sciorrfadh Mairéad.”
Coinnígí fúibh iad, a léitheoirí, agus ná bígí ar forbhás, cibé scéal é!
*************
Tuilleadh Nathanna Cainte uaim anseo, ar mo sheanbhlag, Mise Áine.
Gramadach Gaeilge na mBráithre Críostaí (GGBC), agus foclóir Dinneen, le fáil faoi ‘Cuidiú nó Cruinneas Uait’, sna painéil ar thaobh na láimhe deise den dá bhlag, Mise Áine agus anseo, ar Rámhaille.
3 comments:
Mír an-deas, a Áine.
Dála an scéil, caithfidh mé a admháil go raibh an nath céanna dearmadta agam go dtí gur chuir tú i gcuimhne dom é.
An-shuimiúil :)
Go raibh maith agaibh!
Caithfidh mé a rá gur aoibhinn liom féin é nuair a chloisim nath nua. Tugann sé deis dom taighde a dhéanamh air, agus é a úsáid mé féin, ó am go chéile, más féidir é ar chor ar bith.:-)
Post a Comment