Tuesday, March 22, 2011

Is Fánach An Áit...

…a bhfaighfeá leithreas.

Bhí mé féin agus é féin ar an mbealach ar ais as Conamara go hInis Eoghain inniu, agus bhí mo cheamara nua liom agam, i mála, le mo thaobh, sa charr. 

Bhí an Garraíodóir ag tiomáint, agus bhí ordaithe faighte aige uaimse bheith réidh le stopadh, am ar bith a déarfainn, ar fhaitíos na bhfaitíos.

Ní hea, a léitheoir, ní leithreas a bhí uaim, ach bhí mé ar thóir an ‘Wow!’ fachtóir, an dtuigeann sibh, mo shúile ar oscailt agam, ag cuardach an ghrianghraif sin nach mbeadh iondúil, mar a déarfá.

Bhuel, is maith an t-anlann an t-ocras, agus díreach ó thuaidh de Shligeach, céard a chonaic mé, 50 slat isteach ón bpríomhbhóthar, ach an radharc thíos.
Leithreas plean oscailte, b'fhéidir, nó faisean nua-aimseartha, bhur mbarúil?

5 comments:

Dennis King said...

An ndeachaigh tú suas le súil a thabhairt air? An cuid de ghost estate nua é?

Mise Áine said...

Ní raibh tada in aice leis, a Dennis, ach bhí sé ar bharr cnocán, agus d'fhéadfadh sé go raibh rud éigin taobh thiar de, cé nach bhfaca mé féin ach ualach spallaí sa chulrá.

Ní raibh bealach isteach ann ón áit ina raibh mise i mo sheasamh, agus ní raibh fonn orm léim a chaitheamh thar an gclaí!

Colm Mac Fhionnghaile said...

Chím an leithreas céanna achan am a shuím ar bhus Feda Ó Dónaill ag déanamh an bhealaigh abhaile ón ollscoil, nach haisteach an radharc é?! Déánfaidh sé cúis i gcás práinneach, ach char bhain mé leas de go fóill, buíochas le Dia!

Míshásta said...

Ghost en-suite?

Mise Áine said...

@ 'nach haisteach an radharc é?!'

Sea, go deimhin, a chara!

@ 'Ghost en-suite?'

Nó 'Fualán Al Fresco' b'fhéidir, a Mhíshásta!