Thursday, March 3, 2011

Íoschéimniú?

Caithfidh mé a admháil gur tháinig osna nach beag uaim nuair a chuala mé faoin eachtra seo.

Bean a bhí ag tiomáint, an dtuigeann sibh, bean ar ball d'Fhine Gael í, an créatúr.
Mary eile sa Dáil againn, gan í cinnte cá raibh sí ag dul, is dócha. Rud a thuigfeá.

Tá trua agam don bhean bhocht ach, leis an fhírinne a rá, bhí mé i lagracha gáirí tar éis an físeán a fheiceáil, ní mar gheall ar an eachtra a taispeánadh, ach chonaic mé an trácht deisbhéalach a fágadh faoin bhfíseán:

'is this the 'five step plan' being put into action!'

Cá mbeadh muid gan fuirseoirí na tíre, a léitheoirí!

4 comments:

Míshásta said...

Bhuel, a Áine, ní maith liom é rá arís. Nílim claonta a dtuigeann tú. Ach cad tá ann ach sár-léiriú ar chumas tiomána na mban.

Maith dhom. :)

Mise Áine said...

Sé d'ainm féin a rith liom, a Mhíshásta, nuair a chuala mé faoin mbean seo - fios maith agam go mbeadh trácht uait ar an scéal!

Ach, mar a scríobhaim, arís agus arís eile...

Tá tú maite!

Néidí said...

'an bhean bhocht... sin díreach a dheineas féin' arsa mo mhamaí ag breathnú ar an nuacht.

Mise Áine said...

:-)