Friday, March 4, 2011

Gramadach na Gaeilge

Má tá €9.95 le spáráil agat, agus más duine thú, fearacht na mná seo, a bhíonn de shíor ag foghlaim Gaeilge, agus ag seiceáil do chuid gramadaí agus tú ag scríobh, ní airgead amú a bheadh ann, i mo thuairim, dá gcaithfeá an €9.95 thuasluaite ar an leabhrán seo.

Fuair mé mo Quick Guide™Irish Grammar sa phost ó mo neacht arú inné, agus creidim féin go bhfuil sé iontach ar fad. Tá mo neacht iontach, freisin, mar ní dhéanann sí dearmad ar a haintín nuair a éiríonn léi áis chuidiúil mar é seo a aimsiú, bail óna Cé uirthi!

Ar ndóigh, le Gaelchultúr taobh thiar den togra, ní chuireann sé iontas ar bith orm go bhfuil jab maith déanta den leabhrán cuidiúil seo. Tá na príomhghnéithe de ghramadach na Gaeilge ann, le scéim dathanna in úsáid a ligeann don léitheoir theacht ar an eolas atá uaidh go sciobtha.

Mar a deirtear ar shuíomh siopa.ie,

‘Tá na míniúcháin ghramadaí as Béarla agus cuirtear aistriúchán ar fáil de na samplaí Gaeilge ar fad, rud a fhágann gur féidir le foghlaimeoirí ag gach leibhéal cumais an áis seo a úsáid. Tá an bhéim ar an teanga laethúil agus ar fhocail agus ar fhrásaí lárnacha is féidir a úsáid sa Ghaeilge scríofa agus labhartha.

Tá an leabhrán le mo thaobh ó fuair mé é, agus beidh sé liom cibé áit ina mbeidh mise agus mo ríomhaire glúine as seo amach.

2 comments:

S said...

Seans maith ann go bhfuil an-fheidhm a bhaint leis, ach tá an iomarca graiméir sa bhaile cheana agam.

Mise Áine said...

@ tá an iomarca graiméir sa bhaile cheana agam.

Táim féin mar an gcéanna, a chara, ach tá an leabhrán seo iontach áisiúil do mo leithéid. Tá sé éasca é a iompar ó áit go háit, ó tharla é beag agus eadrom, agus tá sé éasca theacht ar an eolas cuí go sciobtha.