Wednesday, March 2, 2011

Cumarsáid an Ghrá

Tá a fhios agam go bhfuil Lá San Vailintín thart, a léitheoirí, ach ní fhéadfainn gan na ‘chat up lines’ seo a leanas a roinnt libh, ó tharla gur léigh mé iad in Foinse an lae inniu.

Tá siad le fáil istigh san Forlíonadh Speisialta atá acu do Sheachtain na Gaeilge, an dtuigeann sibh, iad mar chuid de na noda éagsúla atá acu, faoin teideal ‘Conas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge bhunúsach.’

Seo chugaibh iad:

Gabh mo leithscéal. Is gadaí mé agus tá mé anseo chun do chroí a ghoid!’

‘Dá mbeinn in ann an aibítear a atheagrú, chuirfinn U agus I le chéile.

‘Nílim ach tar éis bogadh anseo. An féidir na treoracha a fháil chuig do theach?’

‘An eachtrán a bhí i d’athair mar níl aon duine eile cosúil leat ar domhan.’

Do bharúil? An n-oibreodh na ‘chat up lines’ sin, meas tú? Nó, an bhfuil ceann níos fearr agat féin?

27 comments:

Dennis King said...

‘An eachtrán a bhí i d’athair mar níl aon duine eile cosúil leat ar domhan.’

Hmmm. Nach féidir dhá bhrí a bhaint as an abairt sin?
;-)

Mise Áine said...

Táim cinnte gur féidir, a chomhsmaointeoir...:-)

aonghus said...

Tá cuma an Bhéarla ar ana chuid acu sin. Is fearr liom na cinn ar suíomh Dennis:

é seo abair: http://www.sengoidelc.com/node/306

nó níos fearr seo: http://www.sengoidelc.com/node/35

Mise Áine said...

Hmmm... an bhean ina 'bró íochtar' agus an fear ina 'bróin úachtair' sa lá atá inniu ann, a Aonghuis!

aonghus said...

Cé acu bró is tábhachtaí?

Mise Áine said...

An ceann ar chomhchéim, cheapfainn...

aonghus said...

Táid ar chomhchéim - ní féidir dada a mheilt gan an dá cheann ag obair le chéile.

Néidí said...

Tagaim le Dennis. Tá ceann amháin dóibh gránna.

ormondo said...

Mo chaidhpín sneachta,
ar bharr sléibhe,
táim i mo abhainn fút.
Go leá grian mo ghrá thú,
agus go n-imímid i sruth a chéile.

Mise Áine said...

@ "Táid ar chomhchéim" - Is fíor duit, a chara!

@ Néidí - bhain siad gáire asam, pé scéal é...:-)

@ Ormondo - tá sé sin go hálainn! Cé a chum?

ormondo said...

Cé a chum?

Seanchladhaire ó chúige Mhumhan.

Mise Áine said...

Seanchladhaire le cumas cumadóireachta iontach aige, mar sin, agus é beagán románsách, freisin, shílfeá...;-)

ormondo said...

"...agus é beagán románsách, freisin, shílfeá..."

Beagán, is dócha... uaireanta. ;-)

Anonymous said...

Ar mhaith leat bheith curtha le mo mhuintir?

Mise Áine said...

Ceann maith, A Chionaoidh, agus é cloiste agam uair nó dhó cheana - meas tú an oibríonn sé mar chat up line? ASG!

Ainm suimiúil agat, ceann nach raibh cloiste agam cheana. An bhfuil baint aige le Cináed/Kenneth, nó an comhfhocal a chum tú atá ann?

Mo chuimhe, tá fíorchaoin fáilte romhat ar mo bhlag!

Mise Áine said...

'Mo chuimhne', fiú!

Botún eile uaim - caife na maidine ag teastáil...

Anonymous said...

D'oibrigh sé le mo bhean chéile (AGOA). Ach do bhíos beagnach 40 nuair a phósas -- b'fhéidir go raibh an chat up line sin an fáth. ;-)

Maidir leis an ainm:
Cináed i nGàidhlig
Cionaodh i nGaeilge
"Kenneth" i mBéarla

GRMA as an fáilte!

Mise Áine said...

Caithfear an líne sin a chur ar liosta an 'd'éirigh leis!' mar sin...:-)

Réaltán Ní Leannáin said...

curtha chuig cairde

Mise Áine said...

Go n-éireoidh leo...:-)

Anonymous said...

Nach cuma faoi mar ‘bhró’ óir sí fírinne an scéil go mbítear ‘seal thuas agus seal thíos’ agus measaim gur mar sin is fearr.

Maidir le cumann a chur ar bhruinnealla, níl rud ar domhan a chur le héascaíocht a leithéid ná an cosc a cuireadh ar chaitheamh tobac. Níor ghá ach bualadh amach, toitín id lámh agus lasadh a iarraidh ó do rogha bé. “Shocking, isn’t it, all this narrow mindedness?” id do rogha teanga. É triallta agam i mBéarla, Gaeilge (Club an Chonartha), Fraincis agus Iodáilis. Toradh fónta air chuile uair.

Mise Áine said...

@ 'níl rud ar domhan a chur le héascaíocht a leithéid ná an cosc a cuireadh ar chaitheamh tobac'

Chuala mé é sin, a SheáinÓ, agus is mór an mhaith nach bhfuilim i mo bhruinneall a thuilleadh, ag brath ar thoitíní le fear a mhealladh chugam - tharla nach gcaithim, an dtuigeann tú.

Mar sin féin, sin líne iontach uait, agus b'fhiú an seasamh san fhuacht lena leithéid de chomhrá a bheith ag duine!

Anonymous said...

A Áine, níl sa mhéid a scríobh mé ach an chéad abairt. Seo mar a leanann an bladar.

“It’s the new morality, you know. No one goes to Mass anymore and you can screw whoever you like now since there’s no longer any such thing as sin, but woe betide you if you light up where you shouldn’t.”

“Nach sin duit an mhoráltacht nua. Is tearc duine a théann ar Aifreann na laethanta seo agus féach gur féidir leat do rogha a clárú cionn is nach ann don pheaca a thuilleadh, ach nach mairg don té a lasann toitín áit nach ceadaithe sin.”

Mura lasann aghaidh na bé tar éis a leithéid a chloisteáil, teolaí a bheidh tú anocht a leaideo!!

(Línte as gearrscéal liom atá thuas.)

Néidí said...

Tá a fhios agat nach gcaitheann daoine tobac a thuilleadh.. agus tá móraltacht ann,i bhfad níos mó ann, i bhfad níos mó ná mar a bhí an Eaglais gránna i gceannas..

Brón orm, ach tá do chat up line, an cheann is dochreidte atá cloiste agam agus bheinn buartha faoi na mná a shiúlann tú amach le

Mise Áine said...

Línte as gearrscéal atá ann, a Néidí, agus cuireann gearrscéal maith an léitheoir ag meabhrú faoin saol, ceapaim féin.

Is suimiúil an smaoineamh é,a SheáinÓ, agus is dóigh liom go mbeadh comhrá breá teasaí ag an té a thosódh agallamh beirte leis na línte sin.

Cén gearrscéal é?

Anonymous said...

Ceann nua,neamhfhoilsithe go nuige seo.

Mise Áine said...

Coinnigh ag dul, a SheáinO!