Thursday, March 31, 2011

Cén Chaoi a Bhfuil Tú ar Maidin?


Bhí mé i gcógaslann, níl sé i bhfad ó shin, agus bhí an áit iontach ciúin, gan ann ach mé féin ag an am, rud nach iondúil, ó tharla an chógaslann chéanna an-ghar de mháinliacht ghnóthach.

Is iondúil go mbíonn daoine ag teacht isteach sa chógaslann, go rialta, lena n-oideas dochtúra a líonadh, nó le leigheas éigin a cheannach, do thinneas éigin a thug chuig an dochtúir iadsan, nó duine bainteach leo, an mhaidin sin.  

Is it the economy that has you so quiet?’ a d’fhiafraigh mé féin den fhreastalaí.

No, it’s the good weather.’ a d’fhreagair sí, é tugtha faoi deara aici, thar na blianta, nach mbíonn an oiread sin daoine thart, ná oidis le líonadh, nuair a bhíonn an aimsir go maith.

Agus, is cosúil go bhfuil baint ag an aimsir le sláinte an duine, mar fíor an méid a léigh mé faoi Medical Meteorology anseo,

Since ancient times, people have made a connection between weather and health. Hippocrates first wrote about the effect of hot and cold winds on people and the possible connection between epidemics and weather conditions in 400 BC.’

Chaithfeadh sé, mar sin féin, go mbíonn coinne dochtúra déanta ag daoine roimh ré, roimh theacht na haimsire maithe, mar a déarfá. An é go bhfeabhsaíonn siad ar an mbealach chuig an dochtúir, ar an lá atá grianmhar taitneamhach?

Pé scéal é, bíodh lá maith agaibh, a léitheoirí, agus an tsláinte leis.

4 comments:

John said...

Ag caint faoin dea-aimsir, chuir mé lóis ghréine orm i rith na seachtaine, bhí sé chomh grianmhar anseo i gCaerdydd. Ní rabhas ach 20 nóiméad ón tigh, agus thosnaigh sé ag cur báistí!

Anonymous said...

Agus an líon daoine nach mbíonn san oifig de dheasca 'coinne fiaclóra' le linn dea-aimsir?

Dennis King said...

@ Bob - Sin agat é go díreach glan! :-)

“Je suis comme le temps,” a dúirt bean óg Fhrancach liom nuair a bhíos óg freisin. Tá an chuid is mó againn mar sin. Tá aeráid Éireannach againn anseo in Seattle. Nuair a scairteann an ghrian ar lorg seachtain ghruama nó dhó, tagann aoibh ar chuile dhuine go tobann.

Mise Áine said...

@ '...agus thosnaigh sé ag cur báistí!'

John bocht...:-(

@ Bob

Bíonn 'fadhb leis an gcarr' go minic, freisin...:-)

@ Dennis

An ghrian ag ardú meanman, mar is dual di!