Monday, February 14, 2011

Lá San Vailintín


Tá súil agam go mbeidh Cúipid gnóthach go maith inniu, a léitheoirí. I bhfocail Mhíshásta, go raibh a shaigheada 'ag eitilt cruinn díreach in bhur dtreo'. Saigheada Chúipid, chan saigheada Mhíshásta, an dtuigeann sibh.

Bíodh airgead le spáráil agat nó ná bíodh, ní dóigh liom féin go bhfuil gá le cárta, ná le bláthanna, fiú, ach ba dheas an rud é barróg a roinnt le do chrann taca, sé sin, barróg a thabhairt don té a roinneann, agus a líonann, do shaol le grá.

Bainigí sult as, agus déanaigí beagán de seo le chéile inniu! 

2 comments:

Néidí said...

Tá do chrann go hálainn

Mise Áine said...

GRMA, a Néidí. Is aoibhinn liom crainn, agus tá áthas orm go bhfuil siad thart orm anseo i gCeann Scríbe.