Tuesday, February 1, 2011

Lá Fhéile Bríde

"Crios Bhríde mo chrios
Crios na gceithre cros
An té a thiocfas trí mo chrios
Go mba seacht fearr a bheas sé bliain ó inniu."

Sin thuas rím a chuala mé ón Dómhnallach aréir, agus mé á ceistiú faoin bhféile seo. Tháinig mé ar leagan níos faide den phaidir/bheannacht/rím anseo, in alt faoin teideal ‘Brigit as Healer’.

'Crios, Crios Bríde mo chrios,
Crios na gceithre gcros;
Muire a chuaigh ann,
Agus Bríd a tháinig as;
Más fearr sibh inniu,
Go mba seacht fearr a bheas sibh
Bliain ó inniu.'


Is léir go gceaptaí go raibh cumas an leigheasóra ag Naomh Bríd, agus bhí sé de nós ag daoine fadó crios, le ceithre chros snaidhmthe tríd, a dhéanamh - an crios déanta as tuí, agus na crosa déanta as broibh -  agus théití thart leis an gcrios, chuig na tithe áitiúla, le muintir an teaghlaigh a bheannú leis an gcrios, agus leis an bpaidir.

Ansin, deirtí an rím thuasluaite, rud a choinneodh an duine sin sábháilte ó olc i rith na bliana, is dócha - nó, mar a deirtear san alt sin ‘Brigit as Healer’, ‘men and women would step through it three times, kissing it and stepping through it right foot first, as a symbolic act of rebirth in order to ensure health and protection for the year ahead.’

Go mba hé daoibh, a léitheoirí!

Tuilleadh faoin bhféile ag Proinsias anseo, giota faoi Naomh Bríd í féin, ag Dennis anseo, agus tuilleadh eolais ó Róislín anseo.

8 comments:

Dennis King said...

Chuir sé seo crios eile i gcuimhne dom, anseo. Ach ón nach bhfuil nathair le fáil in Éirinn...

;-)

Dennis King said...

Ó nach mbíodh nathracha le fáil in Éirinn, ba chirte dom a rá!

Mise Áine said...

Nílim cinnte nach ar mhaithe leis na mná a bhíodh na nathracha ag obair, fadó...;-)

Míshásta said...

Imbolc Sona dhuit, a Áine.

Go mbeannaí Cé agus an Bandia, Bríd thú.

ormondo said...

Ar sháigh an broc a shoc amach as an mbrocais inné?

Mise Áine said...

GRMA, a Mhíshásta.

Níl a fhios agam, a Ormondo?

ormondo said...

Ba chineál "Lae Marmait" Lá Fhéile Bríde nó imbolc ag na Ceiltigh san anallód agus an broc ina shaghas Punxsutawny Phil.

Ní fheicfí mórán broc sa lá inniu, áfach.

Mise Áine said...

Tuigim anois, a Ormondo. GRMA!