Wednesday, February 16, 2011

Focail Liom, Focail Leat

An cuimhin libh go raibh Póló, Aonghus, agus Dennis ag scríobh faoi Wordle?

Bhuel, ní raibh  mé féin cinnte cén úsáid a bhainfeadh duine as a leithéid d’áis, ach chuala mé an Dr. Zbyszek Zalinski ag labhairt, ar an John Murray Show ar maidin, faoi na torthaí a fuair sé óna thaighde ar fhorograí toghchánaíochta na bpáirtithe polaitiúla; é mar aidhm aige fáil amach céard iad na focail ar leith ar a dhírigh na páirtithe eágsúla ina bhforograí, an dtuigeann sibh.

Más buan mo thuiscint, rinne sé ‘text mining’, nó ‘quantitative content analysis’ ar na forograí, le go mbeadh ‘at a glance view’ le feiceáil sna Word Clouds (Nath Néalta?) a fuair sé óna thaighde.

Mar a dúirt sé féin, níl ann ach giota spraoí, ó tharla éagsúlacht i lion na bhfocal sna forógraí: Fine Gael (39, 158), Páirtí an Lucht Oibre (34,573), Sinn Féin (14,682), Fianna Fáil (13,867) agus an Comhaontas Glas (12,486), mar shampla.

Baineadh úsáid rialta as na focail tax (291), health (215), economy (182), budget (61), agus crime (52). An méid sin ráite, ní raibh an focal crime in úsáid, ar chor ar bith, i bhforógra Fhianna Fáil.

Bhí na ‘two word phrases’ comhartha, freisin, le public service (73), local authorities (68), social welfare (46), economic recovery (34), agus bond holders (15).

Maidir leis na ‘buzz words’, tá new (421), plan (155), change (115), future (104), gan ach 13 promise san iomlán uathu, agus gan ach dhá pledge le fáil uathu.

Na focail is coitianta sna forógraí éagsúla?

Fine Gael (Fine Gael)
Páirtí an Lucht Oibre (Labour)
Comhaontas Glas (Green Party)
Sinn Féin (Sinn Féin)
ach
Fianna Fáil (Ireland)

Suimiúil...

5 comments:

Néidí said...

Is ionann muidne is Fianna Fáil, sin an bhealach a smaoineann siad.
Bhíos in ann mo chuid lipéidí a wordleáil

Dennis King said...

Á bhuel, is maith an rud é, ar aon nós, nach iad “faith, hope, charity” a bhfocail faire ... fós.

aonghus said...

Níl aon dóchas fágtha ag Fianna Fáil. Cé go raibh an rud a dúirt Néidí fíor tráth, sílim gurbh é an chúis go bhfuil Fianna Fáil ag seachaint iad féin a lua, i bhforógraí agus ar phóstaer, go dtuigeann siad go maith go bhfuil a n-ainm smálaithe. Agus gur fearr "we" a úsáid nuair ata siad ag trácht ar cad atá ar bun acu.

Mise Áine said...

@ 'Bhíos in ann mo chuid lipéidí a wordleáil'

Maith thú, a Néidí!

@ Tá cuid acu ag brath ar 'faith' gan dabht, a Dennis, ach ní dóigh liom go bhfuil 'hope' dá laghad ag cuid acu, fiú dá mbeadh sé sna forógraí acu!

@ Aonghus

Cheapfainn go bhfuil an ceart agat, a chara.

Mise Áine said...

Mo chuimhne, an bhfaca sibh leagan Gaeilge de 'Word Clouds' in aon áit? 'Nath Néalta' a rith liom féin, ach is bean mhór na huama mé...:-)