Sunday, February 13, 2011

Bun Cranncha

Seo chugaibh roinnt grianghraf a thóg mé inné, lá grianmhar, agus inniu, lá ceomhar, i mBun Cranncha, a léitheoirí. Tá beagán eolas faoin áit álainn seo curtha agam leis na grianghraif, freisin. Bhuel, naisc chuig an eolas cuí, pé scéal é!

Thíos, tá Caisleán Bhun Cranncha, mar a thugtar air. Thóg George Vaughan an mainéar i 1718. Sin iad ballaí an droichid, ar chaon taobh den bhóthar, atá amach romham sa ghrianghraf.

Tá Daingean Uí Dhochartaigh, a tógadh sna 1300í, ar dheis, taobh thiar den chrann. The Keep an t-ainm a chloisim féin ó mhuintir na háite, agus iad ag labhairt ar an daingean.

Inné...
Inniu...

Seo thíos Droichead an Chaisleáin, a tógadh i 1718, freisin. Sin é an caisleán/mainéar atá le feiceáil ar chlé sa ghrianghraf.

Inné...
Inniu...

Radharc, trí shúil an droichid…

Inné...
Inniu...

Tá mé i mo sheasamh ar an taobh eile den droichead an geábh seo, istigh in Swan Park.  An Chrannach, abhainn nach ionann í agus Abhainn an Mhuilinn a ritheann ar chúl tí s’againne, ag bualadh le Loch Súilí ag an bpointe seo. Is ón abhainn sin, An Chrannach, a fuair Bun Cranncha a ainm.

8 comments:

Dennis King said...

Is fearr liom a bheith amuigh ar lá grianmhar, de ghnáth (ach ní i gcónaí), ach is minic a bhíonn radharc níos suimiúla ar lá ceomhar. Go raibh maith agat as na péirí seo!

Néidí said...

Tá seantaithí agat anois ar do cheamara nua. Tá na grianghraif ar fheabhas :)

Póló said...

An-ghriangrafanna. An ceann deireannach ach go háirithe.

Mise Áine said...

Go raibh maith agaibh!

Mo chuimhne, a Dennis, ní dhearna mé dearmad ar an bhfíseán do 'Difríocht á Déanamh' - táim gnóthach le cúpla rud eile, ach beidh m'iarracht á thaifeadadh agam, go luath, tá súil agam...:-)

ormondo said...

Bhuel, ní fhéadfaí a rá nach bhfuil aon cheo le feiscint i mBun Cranncha!

Go han-deas.

Dennis King said...

ní dhearna mé dearmad ar an bhfíseán do 'Difríocht á Déanamh'

Maith thú. Is ag fanacht leatsa atá mé. Is tusa an ceannródaí!

John said...

Go hálainn ar fad, a Áine. Agus cabhróidh siad go mór liom an aimsir a mhúineadh dom' rang. "Tá sé grianmhar inniu, ach bhí sé go hainnis inné". Nó, ar cheart dom a rá "Bíonn sé go hainnis de ghnáth"!

Mise Áine said...

Ceomhar arís anseo inniu, a John, agus iontach fuar! Ach, fós álainn...:-)