Wednesday, January 26, 2011

Señora Áine!

Táim ag foghlaim Spáinnise le seachtain anuas.

Mar a dúirt mé libh cheana, tá sé i gceist agam, le bliain anuas, Spáinnis a fhoghlaim, le go mbeidh mé in ann cumarsáid a dhéanamh le lucht a labhartha, an chéad uair eile a bheas mé ina gcuideachta.  

Chuir mé mo chéad ríomhphost as Spáinnis inniu, chuig cairde liom thall i Madrid, áit a mbeidh mé ag dul an Samhradh seo, le cuidiú ¿Quién?. Seo mar a scríobh mé é, mé ag iarraidh úsáid a bhaint as a raibh foghlamtha agam le seachtain anuas, an dtuigeann sibh: 

¿Que tal?

Me llamo Áine. Soy Irlandesa. Soy de Irlanda, y vivo en Irlanda. No soy de España. No hablo español. (No, no es en absoluto dificil!). Yo hablo irlandés y inglés.

Bhí 'wúhúúúúúúúúúúúú!' breá fada curtha agam ag deireadh an ríomhphoist. Tá a fhios agam gur, ahem, focal Gaeilge é 'wúhú', a léitheoirí, ach chinn mé go mb’fhéidir nach mbeadh ‘olé’ feiliúnach…

Pé scéal é, bhí mo nótaí ón rang taobh liom, chomh maith le trí leabhar eile faoin teanga, iad uilig ag cuidiú liom m’iarracht a chur le chéile, bíodh sí ceart nó mícheart. Bhí mé féin ag súil le freagra ar ais uatha, as Béarla, rud nár tháinig. Freagra Spáinnise a tháinig.

Sách maith agam é! Chuir m’iarracht ghaisciúil iallach orm mo leabhair fhoghlama a tharraingt chugam arís, agus an diabhal freagra a aistriú.

Bhuel, leis an fhírinne a insint, chuaigh mé, ahem, isteach in Google Translate ach, mar sin féin, d’fhoghlaim mé gur ionann ‘nuestro idioma’ agus ‘teanga s’againne’, agus gur ionann ‘un beso’ agus ‘póg’, focail nach raibh ar eolas agam ar maidin, agus focail, táim cinnte, as a mbainfear úsáid rialta amach anseo. Sea.

Ar aon nós, táim ar tí na ‘jabanna’ a fhoghlaim anois.  Tá sé soiléir go maith, fiú don fhoghlaimeoir aosta seo, céard is ‘médico’ agus céard is ‘policia’ ann, ach an bhfuil a fhios agaibh, a lucht an ‘níloireadisfocalamháinSpáinniseareolasagam’, an bhfuil a fhios agaibhse céard a dhéanann an ‘bombero’?

Sea, is comhraiceoir dóiteáin é nó í. Deile!

12 comments:

aonghus said...

Bombera más í atá i gceist!

Baint aige le pumpaí, más buan mo chuimhne.

Pero hé casi olvidado todo el espanol que conecia .

Dennis King said...

Baint aige le pumpaí, más buan mo chuimhne.

Go díreach mar a deirtear i bhFraincis é: “pompier = fear dóiteáin”.

Agus ní hionann “embarazada” agus "embarrassed” !

Mise Áine said...

@ 'Bombera más í atá i gceist!'

An ceart ar fad agat, a Aonghuis! Ach, tá jabanna ann nach n-athraítear foirm an fhocail, is cuma fear nó bean ann = policia, periodista, cantante, agus modelo - deirtear liom!

Níl a fhios agam féin céard é 'conecia', ach is cócaire í an 'cocinera'...:-)

@ "Agus ní hionann “embarazada” agus "embarrassed”!"

ASG!

Tugadh an focal sin dom, ar mo chéad lá foghlama, ó tharla focal mar é ann nach féidir brath ar a gcosúlacht!

aonghus said...

Mílitriú - an aimsir chaite de conocer a bhí uaim. Ach níl sé ar eolas agam níos mó!

ormondo said...

Dhá phíosa comhairle ó Bhasil Fawlty:

1. Ní hionann "aon, dó, trí" agus "ar na trádairí sin".

2. Agus ná cuimil asal ar an arán.

http://www.youtube.com/watch?v=6lWJwgpOjpA
(ó 00:48 ar aghaidh)

Mise Áine said...

@ Ach níl sé ar eolas agam níos mó!

Ná agamsa, a Aonghuis - fós!

@ Ormondo

Ní oibríonn an nasc sin dom, a chara, mar sin ní féidir liom comhairle Bhasil a chloisteáil, faraor..:-)

Cé nach dtuigim uimhir 1, beidh mé curamach leis an 'burro';-)

ormondo said...

"Ní oibríonn an nasc sin dom..."

Fawlty Towers - Eipeasóid: A Touch of Class.

Ní oibríonn na naisc ar na blaganna eile domsa uaireanta ach an oireadh. Is amhlaigh nach n-oibríonn gach nasc i ngach tír.

An é gur dianteannadh de bharr cheist an chóipcheart atá ar siúl?

ormondo said...

recte: de bharr cheist an chóipchirt

Míshásta said...

Unos enlaces para ayudarte:

http://www.bbc.co.uk/languages/spanish/

http://www.wordreference.com/es/translation.asp?tranword=&B10=Buscar&dict=enes

http://chistes.developers4web.com/

http://coloquialmente.com/es

http://es.euronews.net/noticias/

Buena suerte.

Mise Áine said...

@ Ormondo

Fuair mé é! Maith thú, agus maith é... ;-)

@ Míshásta

GRMMMA!

I bhfocail eile, muchas muchas gracias!

John said...

Nílim ró-shásta le lucht foghlaimeora na Spáinníse faoi láthair a Áine. Shocraigh mac léinn dom éirí as mo rang Gaeilge chun an Spáinnís a fhoghlaim ina háit. >8(

Mise Áine said...

John bocht...:-)