Monday, January 10, 2011

Mise Áine Caillte?

Nílim cinnte céard a tharla, leis an fhírinne a rá, a léitheoirí. Tá mise, Áine, beo beathach, ach diabhal a fhios agam cá bhfuil mo bhlag, Mise Áine. Tá sé caillte agam, feictear dom.

Bhuel, mura bhfuil sé caillte, tá sé faoi mhíchumas, ar aon nós. Tá sé 'disabled' ag Google faoi láthair, ó tharla, dar leo, 'unusual activity' de shaghas éigin tugtha faoi deara acu ar mo bhlag.

Hmmm...suimiúil. Céard is 'unusual activity' ann, meas tú? Táthar ann a cheapann gur, ahem, iondúil an rud é an rud 'unusual' ar mo bhlag, ach sin scéal eile. 

Fan go bhfeice mé anois. Is fearr breathnú ar na nithe sin a rinne mé le mo chuntas blagála oíche Dé Sathairn seo caite, díreach sular chuir Google mo bhlag bocht faoi mhíchumas; ar fhaitíos gur mé féin a bhí ciontach as an 'unusual activity' sin, i ngan fhios dom féin, an dtuigeann sibh.

Bhuel, bhí mé i mo shuí ag mo ríomhaire, agus phostáil mé an bhlagmhír thíos, Tá Sé Ar Ais, ar mo bhlag, Mise Áine. Fadhb ar bith leis sin, cheapfá. Ach, b'fhéidir gur cheap Google gur ag tagairt do Terminator éigin a bhí mé, agus gur le Arnold an lámhainn ar an gcrann?

Nó, b'fhéidir go raibh faitíos orthu go raibh Arnold ar tí 'unusual activity' de shaghas éigin a dhéanamh, agus go raibh siad ag iarraidh stop a chur leis in am? Deacair a rá.

Ansin, léigh mé na blaganna eile, go bhfeicfinn an raibh a dhath suimiúil á rá acu, agus d'fhág mé trácht nó dhó, ar bhlag nó dhó, más buan mo chuimhne, agus mar is iondúil liom. Táim fiosrach, agus barúlach, mar is eol daoibh, a léitheoirí rialta - más ann daoibh a thuilleadh, mar léitheoirí!

An é nár thaitin mo thrácht le Google, agus mé ar mo thuras fiosrach barúlach timpeall na mblagsféar? Nó, an raibh rud éigin neamhghnách ag tarlú ar mo bhlag, i ngan fhios dom? Cé aige a bhfuil a fhios? Níl a fhios agamsa, ach tá a fhios agam nach bhfuil fáil agam ar Mise Áine faoi láthair, faraor.

Mo chuimhne, táim ag brath ar mo chomhbhlagálaithe, agus oraibhse ar Facebook agus ar Twitter, a leanann mo rámhaillí rialta, an scéal a scaipeadh faoi mo bhlag nua, Rámhaille, mura miste libh. Diabhal a fhios agam an bhfaighidh mé mo sheanbhlag, Mise Áine, ar ais, ar chor ar bith, agus ní féidir liom bheith gan bhlag, ó tharla faitíos orm go mbeadh sibh uaigneach i m'uireasa, mura mbeinn ag rámhaillíocht liom. Sea.

Pé scéal é, chuir mé blagmhíreanna na bliana seo ar an mblag nua seo inniu, ó tharla fáil agam orthu ó shuíomh "Gaeilge" via Aonghus, bail óna Ché air! Déanfaidh mé iarracht na seanmhíreanna uilig a fháil ar ais, má fhéadaim, dé réir a chéile. Tá siad uilig le fáil ar an suíomh sin le hAonghus, ach ní féidir iad a aimsiú in aon áit eile, ag an am seo.

Moladh agam daoibh, a chomhbhlagálaithe - sábháil bhur mblagmhíreanna uilig anois, más mian libh gan iad a chailleadh! Tuilleadh uaim ar an ábhar seo amach anseo.

Beidh mé ag obair ar an mblag seo go rialta, agus tá súil agam na naisc uilig a chur ar fáil air go luath, idir naisc nuachta, naisc don fhoghlaimeoir, agus naisc úsáideacha eile; mar a bhíodh agam ar Mise Áine.

As seo amach, is anseo a bheas mé, a léitheoirí. Tá fearadh na fáilte romhaibh teacht isteach i mo Chomhluadar, ar thaobh na láimhe deise ansin, agus bhur hataí a chrochadh ann, más mian libh. Nó, buail isteach chugam anseo, ó am go chéile.

Ba mhór liom bhur gcuideachta ar mo bhlag nua.

14 comments:

Néidí said...

Aisteach, fáilte ar ais!

Mise Áine said...

Go raibh míle maith agat, a Néidí!

Ná dearmad an seoladh nua chugam a athrú ar do shuíomh, mura miste leat. Is féidir cloí le Mise Áine mar ainm, ach an seoladh a athrú, agus an scéal a scaipeadh...;-)

http://ramhaille.blogspot.com.

Anonymous said...

Siod taisce de do sheanbhlag...

http://webcache.googleusercontent.com/search?q=cache:XMBeE8NFV3QJ:miseaine.blogspot.com/+miseaine.blogspot.com&cd=1&hl=ga&ct=clnk&gl=us

D'fhéadfá na naisc a bhailiú srl., ar a laghad.

Mise Áine said...

Sin iontach ar fad, a Bhrian. Go raibh céad míle maith agat! Ar a laghadh, beidh na naisc sin agam anois. Maith thú!

Dennis King said...

Go maire tú do “theach” nua! Ní dóigh liom gurb é sin an focal ceart, áfach. Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre? Rud éigin idir soapbox agus salon? Meascán d'árdán cainte agus parlús?

aonghus said...

Crannóg!

Fáilte ar ais. É seo curtha leis an liosta ar mo léitheoir agam.

Ag súil le cúpla caibidil eile den dráma Mise Áine agus an fathach Google

Dubhaltach said...

Fabht le córas Google atá ann déarfainn, d'fhéadfá ríomhphost a sheoladh chucu agus chuirfear suas arís é. Nó téigh chuig Blogger Help Forum.
Feictear dom go dtarlaíonn sé go rialta.

Míshásta said...

"más ann daoibh a thuilleadh, mar léitheoirí!"

Táimid anseo fós, a Áine.

Go n-éirí na rámhaillí leat.

Séamas Poncán said...

Seo dóigh eile chun an seanbhlag a fháil ar ais.

Mise Áine said...

@ 'Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre?'

Teach soghluaiste, a Dennis!

An méid sin ráite, tá an mac tíre dána in ann huffáil agus puffáil agus an teach a leagan, gan stró, gan aiféala, feictear dom...

@ Aonghuis, tá an fathach ag cur a shála i dtaca, feictear dom!

@ 'ríomhphost a sheoladh chucu'

É sin déanta, a Dhubhaltaigh, foirmeacha líonta, níos mó ná uair amháin, ach fós tá mo bhlag, agus ríomhphoist 'miseaine', faoi ghlas!

@ Mhíshásta - go raibh céad míle fáilte agat. Thabharfainn barróg duit, ach tá an fathach ag breathnú...

@ Shéamais - ní bhfuair mé a dhath ón nasc sin, ach táim iontach buíoch as do chuidiú, a chara.

ormondo said...

Nach ait an blag an saol!

Fáilte ar ais i do chulaith nua ghalánta.

Dála an scéil, an é go bhfuil cuma astralaíochta ar do bhlag nua; an mbeidh tú ag dul i mbun na fáistineachta? :-)

Mise Áine said...

@ ' an mbeidh tú ag dul i mbun na fáistineachta?'

Mar is iondúil liom a dhéanamh, a chara!

Tá mo sheanbhlag 'active' arís, ach ní ann a bheas mé, ach i mo 'chulaith nua ghalanta'..:-)

Néidí said...

Má bhreathnaíonn tú ar bhlag Aonghusa beidh tú in ann gach blagmhír a bhog trasna go dtí do bhlag nua.

Mise Áine said...

Déanfaidh mé é sin, a chara!

Go raibh maith agat, a Néidí, tusa agus gach duine a chuidigh liom le lá nó dhó.

Táim iontach buíoch...:-)