Tuesday, January 11, 2011

Fadhb agus Toradh

Dúradh liom geábh, agus mé ag fás aníos, ‘Don’t keep looking at the problem, look for the solution!’ Dea-chomhairle a bhí ann, agus chloígh mé leis, ar feadh mo shaoil. Níor chaith mé iomarca ama ag breathnú ar aon fhadhb, agus rinne mé iarracht theacht ar réiteach éigin, chomh luath agus a d’fhéadfainn.

Is amhlaidh a chaith mé leis an bhfadhb a bhí agam le Google le trí lá anuas.  Cibé fáth a bhí acu leis, agus níl a fhios agam féin céard é, ach amháin, dar lena bhfreagraí uathoibríocha, gur thugadar ‘unusual activity’ faoi deara ar mo bhlag, chinn an comhlacht mór, Google, mo bhlag, Mise Áine, agus an ríomhphost den ainm céanna atá ceangailte leis an mblag, a chur ar ceal.

Go sealadach, is cosúil.

Líon mé amach dhá ‘Account Recovery Form’, ach diúltaíodh dóibh. Níor ghlac Google leis na sonraí pearsanta a chuir mé chucu, agus bhí neart eolais sna sonraí sin, cheap mé féin, ach dúirt na freagraí uathoibríocha uatha ‘Unfortunately, based on the information you provided, we were unable to verify that you own this account.’

Anois díreach, tar éis dhá ‘verification code’ nua a fháil ag an deireadh seachtaine, nár oibrigh dom, rinne mé iarracht eile anocht. D’iarr mé verification code nua orthu, fuair mé é ar m'fhón póca, chuir mé isteach sa leathanach cuí é, agus ‘hey presto!’ tá Mise Áine ar ais ar an bhfód!

Wú húúúúúúúúúú!

Ach, beidh mé ag fanacht anseo, a léitheoirí, ag an mblag nua seo. Cuirfidh mé an scéal sin ar mo sheanbhlag anois, agus cuirfidh mé an dá bhlag in aithne dá chéile; sé sin le rá, cuirfidh mé nasc ón gceann seo chuig Mise Áine, agus cuirfidh mé an nasc chuig an gceann seo ar Mise Áine, le go mbeidh a fhios ag na léitheoirí cá bhfuilim anois, agus cá raibh mé ag scríobh roimhe seo.  

Ach, as seo amach, beidh mo rámhaillí anseo.

Agus, as seo amach, beidh comhad cúltaca agam, agus beidh gach blagmhír uaim ag dul isteach ann, idir shean agus nua, chomh luath agus a fhoghlaimeoidh mé cén chaoi a ndéantar a leithéid. Gabh mo leithscéal, ach caithfidh mé imeacht liom anois; ar thóir ‘solution’ don fhadhb sin, an dtuigeann sibh…

10 comments:

aonghus said...

Freagra thall ar mo chrannóg!

Ar bhfuair tú míniú ar céard go díreach an gníomhaíocht neamhghnách a shíl siad a bhí ar bun?

Mise Áine said...

Ní bhfuair, ach chuir mé ríomhphost eile chucu anocht - an ceathrú ceann uaim - sula bhfuair mé an cód a d'oibrigh dom.

Déanfaidh mé iarracht freagra a fháil, ach níl a fhios agam an féidir freagra pearsanta a fháil ar a leithéid, ó tharla, feictear dom, chuile freagra uatha, go dtí seo, ag teacht go huathoibríoch.

Mo chuimhne, a Aonghuis, táim fíor bhuíoch díot as an tacaíocht a thug tú dom le trí lá anuas. Chuidigh tú go mór liom, go háirithe agus mé chomh buartha sin faoi mo sheanmhíreanna, míreanna a cheap mé a bhí caillte agam go brách.

Nár laga do Ché do chineáltas, a chara; tusa, agus na daoine eile a scríobh chugam go pearsanta, agus anseo...:-)

Proinsias Mac a' Bhaird said...

Deas tú a aimsiú arís, a Áine. Bhí mé ar do chuartú ar maidin ach ní raibh tásc ort. An diabhal teicneolaíochta seo!!!

Mise Áine said...

Go raibh maith agat, a Phroinsias!

Má tharlaíonn a leithéid dom arís, ar a laghad tá dhá bhlag agam anois, agus beidh mé in ann an ceann díomhaoin a úsáid, más gá.

Idir an dá linn, is maith liom mo nead nua...:-)

John said...

Bhfuil tú cinnte nach plean cliste é seo le cur isteach ar an Oireachtas arís, a Áine?! Deas thú a fheiceáil agus do rámhaillí a léamh arís.

Mise Áine said...

ASG, a John!

Sin smaoineamh nár rith liom, ach, cá bhfios dom, b'fhéidir gur b'shin an plean a bhí ag Google, nuair a cuireadh Mise Áine bocht faoi ghlas orm!

Áthas orm go bhfuil fáil agam ar mo sheanmhíreanna arís. Cheap mé go raibh siad uilig caillte agam! Táim ar tí na treoracha ar bhlag Aonghusa a leanúint, ar ball beag, le hiad uilig a shábháil - ar fhaitíos go mbuailfeadh cantal an Fathach arís!

ormondo said...

Nuair a bhí mise ag logáil isteach inné, iarradh orm - don chéad uair riamh - uimhir mo theileafóin phóca a chur isteach i gcás go mbeadh cód fíorúcháin ag teastáil uaim.

Gníomhaíocht neamhghnách...

Mise Áine said...

Bhí ormsa sonraí ríomhphoist cheathrar, lena mbím i dteagmháil go rialta, a thabhairt do Ghoogle ar an bhfoirm 'Account Recovery Form', chomh maith le m' uimhir fóin, agus sonraí eile a bhain le mo chuntas pearsanta.

Ní raibh mé ag iarraidh é sin a dhéanamh, ach cén rogha a bhí agam - tabhair na sonrái dóibh le go gcinnteodh siad gur liom an cuntas (rud nár oibrigh!), nó déan gan mo chuntas? Sin an rogha. Is acusan atá an chumhacht, agus an t-eolas uilig, feictear dom...

Táim den bharúil,ón tús, nach bhfuil a dhath a scríobhtar ar an idirlíon príobháideach, go háirithe le cumhacht agus eolas ag na fathaigh mhóra, is cuma iad aitheanta, nó 'Anonymous'.

Mise Áine said...

@ 'gníomhaíocht neamhghnách'

An rud faoin ní sin 'unusual activity' a chuireann mearbhall ormsa, a Ormondo, ná cé a roghnaíonn céard is 'unusual activity' ann!

An focal é, an abairt é, an gníomh é? An mbaineann sé le creideamh, ceart, cóir nó coir? Cé a chumann na teorainneacha? Agus cén slat tomhais atá in úsáid acu?

ormondo said...

Is deacair a rá.