Thursday, January 13, 2011

Cowen San Fhuacht?


Brian Cowen san fhuacht? Ní dóigh liom é. Feictear dom go bhfuil craiceann tiubh ar an bhfear sin, rud nach bhfuil ar an bhfear sneachta thuas, fear sneachta a tógadh i rith na drochaimsire i gCarn Domhnach, a bhuí leis an ealaíontóir áitiúil, Kenny Kelly.

Is léir go bhfuil ceisteanna le freagairt ag an Taoiseach, ach nuair nár cuireadh an ruaig air tar éis na heachtra seo, mar shampla, ní dóigh liom go bhfuil aon deifir ar a chomhghleacaithe, ná ar a chomhpháirtithe, scaoileadh lena ngreim ar thír ná ar Thaoiseach.

Mar sin féin, táim den bharúil go bhfuil an leá ar an mbealach...

6 comments:

aonghus said...

Go raibh coscairt luath polaitíochta i ndán dúinn: máille sruth láidir go leor chun stáblaí Augeas na Dála a sciúradh!

aonghus said...

(Is breá liom an dealbh, dála an scéil)

Mise Áine said...

Ach, cá bhfuil Heracles!

ormondo said...

Craiceann tiubh? Seithe chrogaill, déarfainnse!

Tá an rúndiamhair darb ainm Brian ag éirí níos rúndiamhaire in aghaidh an lae.

An i ngaiste séanta, i dtearmann séanta nó i dteach tábhairne séanta féin atá sé?

Nó an é go bhfuil cruinne chomthreorach ann dáiríre agus go bhfuil ag éirí go seoigh leis mar Thaoiseach thall sa chruinne eile?

Dennis King said...

Ba cheart don ealaíontóir céanna piñata a dhéanamh de, le go mbeadh deis ag daoine é a bhualadh le maidí, lorgaí, camáin, bataí is cleitheanna ailpín. Ar mhaithe leis an teiripe atá mé a rá.

Mise Áine said...

@ 'Nó an é go bhfuil cruinne chomthreorach ann dáiríre agus go bhfuil ag éirí go seoigh leis mar Thaoiseach thall sa chruinne eile'

Má tá, níl sé ag foghlaim aon cheacht ón gcruinne sin, feictear dom, a Ormondo.

@ 'Ar mhaithe leis an teiripe atá mé a rá.'

Níl a fhios agam céard a tharla den fhear sneachta, ach tháing an leá...:-)