Friday, January 14, 2011

Cá Bhfuil Muid?

D’fhiafraigh Dennis an cheist ‘Céard atá againn anseo ar an idirlíon dáiríre?’, é ag iarraidh theacht ar ainm cuí don áit sin ina mbailíonn muidne, lucht na mblaganna, le chéile, is dócha.  Ní raibh mé féin cinnte. Go dtí inniu.

A bhuí le hAonghus, a mhol, ar a bhlag féin, an nasc tacaíochta seo ó Blogger, fuair mé amach nach soapbox, salon, ardán cainte, parlús, teach, teach soghluaiste, nó crannóg atá againn anseo ar an idirlíon, ar chor ar bith. Ní hea, go deimhin, a chairde na blagála. Bog atá againn! Sea. Bog. Nó, más leagan Gaeilge atá uaibh, sin portach, nó móinteán, is dóigh liom.

Agus, cén chaoi a bhfuil a fhios agat é sin, a Áine, cloisim uaibh? Bhuel, a léitheoirí, nach é an fathach féin, Google, a thug an freagra dom, ar an nasc tacaíochta sin a mhol Aonghus, faoin alt ‘Import as a New Blog’.  

Tosaíonn an t-alt sin leis an treoir,

‘To import content as a brand new blog, click Create a Blog from your dashboard…

agus críochnaíonn an t-alt leis an treoir seo,

‘…Click the Upload arrow and your new bog will be created instantly!’

Sea. Sin agaibh é anois, a chairde. Ach, fan nóiméad...d’fhéadfadh sé gur ceann acu seo atá i gceist! B'fhéidir gur i dTeach an Asail atáimid, muid ag roinnt linn, inár mboganna éagúla, ar an idirlíon?

Ar ndóigh, tá a fhios agaibh féin céard a tharlaíonn i dTeach an Asail… 

4 comments:

aonghus said...

Cad a dhéanfaidh muid feasta gan taidhpos, ...

Leanaimis orainn ag bogadaí, mar sin

Néidí said...

ASG

Mise Áine said...

@Leaimis orainn ag bogadaí'

Gan bogás...

ormondo said...

Mar a scríobhas thall b'fhéidir gurb é an "bog" saghas "ríchathaoireach uachtaránachta".

Bíonn gach blagadóir ina rí/uachtarán ar a bhlag féin (google ina ard-rí air, áfach).

(Ach cad a bhíonn á tháirgeadh aige/aici ar a ríchathaoir?)