Friday, January 28, 2011

Ar Camchuairt

Inné, rinne mé féin agus Bean an tSléibhe mar a rinneamar cheana, agus chuamar go Gaoth Dobhair, ar camchuairt.

Bhí mo cheamara nua liom agam, agus thóg mé cúpla grianghraf eile daoibh, a léitheoirí, ó tharla an lá agus an áit chomh hálainn sin, agus ó tharla mé ag iarraidh a dhul i dtaithí ar mo bhréagán nua.   


Sin thuas Gleann Nimhe. An bhfuair sé a ainm ó Bhalor na Súile Nimhe, nó ó chartagrafaí Sasanach, meas tú? Tá freagra, ceapaim, le léamh anseo.

Tá scéal eile, scéal nach mbaineann ar chor ar bith leis an áit álainn thuas, ach scéal a bhaineann leis An tSúil Nimhe, le léamh anseo - níl ann ach gur tháinig mé air, mar scéal, agus mé ag útamáil thart ar an idirlíon anois díreach, agus cheap mé go raibh na focail dheireanacha ann, 'ní thugann aon duine aird ar bith ar an Phobal agus tá an Todhchaí ina cac.' sách tráthúil don aimsir láithreach, an dtuigeann sibh.




Tá fothracha na seaneaglaise, eaglais a tógadh le linn na 1830aidí, le feiceáil ar chlé sa ghrianghraf thuas, agus tá Dunlewey House, teach mhuintir Guinness, i bhfolach sna crainn ar dheis.



Sin thuas ‘Bád Eddie’, mar a thugtar air, ‘bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna 1970idí agus atá ann go fóill.’ Is léir go bhfuil.

6 comments:

aonghus said...

Cé go bhfuil an scéal úd go deas, tá amhras orm faoi.

Cró Nimhe atá ag logainm ar an áit.

Dennis King said...

Go maire tú do cheamara nua, a Áine! Tá an dá thírdhreach go hálainn, agus is éacht amach é an tríú ceann: tá an fhrámáil agus an solas go hiontach!

ormondo said...

Tá na grianghraif go hálainn.

Bíonn a mbuanna féin ag grianghraif gheimhridh.

Mise Áine said...

@ An t-amhras céanna orm féin, a Aonghuis, agus is mar gheall air sin a d'úsáid mé 'freagra' seachas 'an freagra'...;-)

GRMA, a Dennis - go leor le foghlaim fós...:-)

GRMA, a Ormondo. Bhí an lá go hálainn, an ghrian ag teacht agus ag imeacht, an solas ag athrú dá réir sin, agus mise ag bogadh ó áit go háit á leanúint. Bhí mo chara iontach foighneach liom!

John said...

Wow, is breá liom an dara cheann. Chrochfainn ar mo bhalla é!

Mise Áine said...

GRMA, a John!