Mar is eol daoibh, ó mo bhlagmhíreanna eile ar an ábhar go dtí seo, beidh an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nuachumtha Pan Cheilteach ar siúl ar an 27ú den mhí seo in Amharclann GB Shaw/Ionad Ealaíne VISUAL i gCeatharlach. Fógraíodh gearrliosta na n-amhrán inniu. Tá 14 amhrán roghnaithe as na hiarratais uilig, mar a leanas,
1. Conor Bowman/Ian Smith (Iarmhí) - Ag Feitheamh ar an Ghrian
Diane Canon an t-amhránaí.
2. Áine Durkin (Gaillimh/Dún na nGall) - Is Mise Mé Fhéin
Seosamh Mac Donnacha (Conamara) an t-amhránaí.
3. Damian Mac Gabhann (BÁC) - Tomás Ó Cuirín
Clann agus an Blow In á chasadh.
4. Aidan Cranny & Damian Mac Gabhann (BÁC) - A Chuid Machnaimh i Mo Pheann
Aileen Treanor an t-amhránaí.
5. Brí Carr (Dún na nGall) - Táim Anseo
Brí agus a cairde á chasadh.
6. Caitríona Lane (Gaillimh) - An Ghaoth
Caitríona í fhéin á chasadh.
7. Niamh Ní Chatháin (BÁC) - Tar Aníos
Niamh í fhéin á chasadh.
8. Melíosa Breathnach & Clár Ní Dhuinn (Ceatharlach) - Thuas Seal, Thíos Seal
enCÓRe á chasadh.
9. Sheona Ní Mháille (Maigh Eo/Gaillimh) - Cá Bhfuil Mé?
Sheona í fhéin á chasadh.
10. Oisín Mac Cinnéide (Cill Chainnigh/GCC) - Anois is gach aon Lá
Oisín agus a chairde á chasadh.
11. Éabha Breathnach (Conamara) - Na Pictiúir ar an mBalla
Éabha í fhéin á chasadh.
12. Éanna Ó Casaide (Cill Chainnigh) - Maidin
Grúpa Burnchurch á chasadh.
13. Sharon Ní Chuilibín (Maigh Eo) - Mo Sheanmháthair
Sharon í fhéin á chasadh.
14. Mairéad Ní Chríodáin - Rudaí Milse
Mairéad í fhéin á chasadh.
Is iad na moltóirí i mbliana ná Órla Fallon (amhránaí agus cláirseoir), Tadhg (ceoltóir, amhránaí, cumadóir) agus Niamh de Búrca (amhránaí). Mar is iondúil, is é Ollie Hennessy a bheas ina stiúrthóir ceoil ar an oíche.
Beidh na doirse ar oscailt ón 7.30i.n. agus cuirfear tús le himeachtaí na hoíche ag 8.00i.n. Cead isteach €15. Is féidir íoc ag an doras nó ticéad a chur in áirithe anseo.
Is iad an coiste iontach ag Pan Cheilteach Cheatharlach atá ag reachtáil an chomórtais agus is féidir tuilleadh eolais a fháil ó 087-2857048 (Bríde), ó 085-1340047 (Emma) nó seol ríomhphost chuig pancelticcarlow@gmail.com.
Go n-éirí go geal leis an gcomórtas! An-jab déanta ag an gcoiste, mar is iondúil leo.
Ádh mór ar na hiomaitheoirí uilig I
ReplyDelete