Mura bhfuil bronntanais na Nollag ceannaithe agat fós, a léitheoir, is féidir leat súil a chaitheamh ar mo bhlagmhíreanna anseo, míreanna a scríobh mé an t-am seo anuraidh, agus arú anuraidh, faoi tháirgí atá ar fáil i nGaeilge.
I mbliana, tá na cártaí thuas le fáil in Aldi, agus taobh amuigh de na siopaí atá luaite agam sna míreanna roimhe seo, tá a fhios agam go mbeidh cártai i nGaeilge le fáil ó ShiúnNí Dhuinn, go luath, agus táim ag súil go mór leo. Is féidir súil a chaitheamh ar chártaí le Catherine Dunne anseo.
Tháinig mé ar an tseacláid thuas in Heatonsi Leitir Ceanainn, ach tháinig mé ar an suíomh gréasáin seo le Bumble Bee Creationsina dhiaidh sin, agus is cosúil gur féidir leat seacláidí agus táirgí eile 'pearsanta' a fháil, más mian leat, ach d'ordú bheith leo roimh na dátaí seo.
Fuair mé an phlaic thuas déanta anseo i mBun Cranncha; leaids óga ón idirbhliain i Scoil Mhuire, atá á ndéanamh, Chonaic mé a dtáirgí ag Margadh na Nollag an tseachtain seo caite, agus bhí m'ordú pearsanta leo, ar an bpointe. Is féidir dul i dteagmháil leo ag @LaserItYourDesign ar Facebook, más mian leat plaic a ordú in am don Nollaig.
Athbhliain faoi shéan is faoi mhaise dhuit, a Áine
ReplyDeleteGo mba hé duit, a chara!
ReplyDelete