Bean uasal a bhí i Máire Ní Thuathail, bean a thaitin go mór liom. Bhí a fhios agam go raibh sí tinn ach, mar sin féin, baineadh siar asam nuair a d'imigh sí uainn, an tseachtain seo.
Murach í, ní bheinn ag blagáil. Thug sí comhairle agus treoir domsa, nuair a theastaigh a leithéidí uaim. Bhí sí cineálta, cairdiúil agus cuidiúil, agus bhí a croí istigh ina teanga dhúchais.
Seo mo dhán, Síol, dán a scríobh mé in omós do Mháire, bean a chaith a saol in earnáil na Gaeilge (mar is eol dár nUachtarán féin, Micheál D. Ó hUiginn), agus bean a chaith go leor ama ina garraí i Seanadh Gharráin ar an Spidéal, garraí as ar tháinig na glasraí agus torthaí is deise riamh.
Síol
Chuir tú síol
i ngarraí an tsaoil.
Scaip tú
dóchas sa dorchadas
gile sa gceo.
Thug tú
beatha don teanga
saoirse don dúchas.
Chothaigh tú
muinín agus misneach
meas agus muintearas.
Bhain tú
Fómhar fairsing
toradh do chuid oibre.
Las tú lóchrann an bhealaigh do chách
le do loinnir a mhairfeas go brách.
Ceiliúradh ar shaol Mháire, amárach, 24ú, sa Connemara Coast Hotel ar Na Forbacha, ag 4:00 i.n.
Suaimhneas síoraí dá hanam álainn. Aireoidh mé uaim í.
Brón orm seo a chloisteáil. Cailliúint an-mhór a bás ní hamháin dá clann ach do chúrsaí craoltóireachta i gcoitinne agus do TG4 ach go háirithe. Is trua liom do chás cara chomh spreagúil agis inspioráideach a chailliúint chomh h-óg sin. Braithimid uilig uainn iadsan a spraeg muid chun scríofa!
ReplyDeleteAn-dheas mar dán
ReplyDeleteGo raibh maith agaibh, a fheara.
ReplyDelete