Naisc Úsáideacha

Monday, September 16, 2013

Tomhais

Cuir cluas ort féin, a léitheoir, agus inis dom...
...cá mhéad asal atá taobh thiar den chlaí, meas tú? 

An mar a shíltear a bítear? Freagra agus fianaise uaim, go luath. 


******

An Fhianaise:
Trí cinn, b'fhéidir? Ní hea, a léitheoir, ach...

An Freagra:
...cúig cinn acu!

Na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal Eolas, ón leabhar Seanfhocla Chonnacht:

An rud nach bhfeiceann an tsúil, ní dhéanann an tsúil aon chol leis.

Ní fheiceann ach an té a shiúileas. 

Is caoch an caoch ar dhath. 

Agus, mar gur rith sé liom is mé ag breathnú ar na grianghraif thuas arís, seo ceann eile atá le fáil faoin gceannteideal Sástacht sa leabhar céanna:

Is maith an t-asal go dtaga an carr is an capall. 

7 comments:

  1. Trí cheann a déarfadh an duine soineanta.

    ReplyDelete
  2. Dhá asal agus miúil amháin?

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Cheap mé féin go raibh trí cinn ann ar dtús, ach ansin chuaigh mé trasna an bhóthair, agus chonaic mé go raibh níos mó ná tri asal ann, a fheara.

    @Asal/Miúil

    Glacaim leis gur asail iad uilig, ach ni saineolai mé, a Sheáin..:-)

    ReplyDelete
  5. @ Geabstaire

    Glacfaidh mé le comhairle an tsaineolaí, a Nuala..;-)

    ReplyDelete
  6. @ dhá shearrach

    Ach, ceithre asal agus searrach amháin, cheap mé féin...

    ReplyDelete