Naisc Úsáideacha

Wednesday, July 24, 2013

Cinnteacht nó Amhras

Is é scéal an chait...
...an scéal nach mbeidh amuigh.

An seanfhocal thuas ón leabhar Seanfhocla Chonnacht. Thóg mé na grianghraif ar maidin, le, ahem, caoinchead ó Shióg s'againne

Na seanfhocail seo a leanas, ón leabhar céanna, faoin gceannteideal Cinnteacht:

Ní chreideann an tsúil ach an rud a fheiceas sí. 

Fásann níos mó sa ngarraí ná a chuirtear ann. 

Fearr a bheith cinnte ná caillte. 

Bí ceart sula mbí tú dearfa. 

Ná déan dóigh de do bharúil.

Ní den chríonnacht an chinnteacht. 

Agus, faoin gceannteideal Aimhreas, tá na seanfhocail seo:

Ní mar a shíltear a bhítear. 

Is iomaí caoi a léimeas an cat. 

3 comments:

  1. Déanannn feiceáil fírinne freisin.

    ReplyDelete
  2. “Fásann níos mó sa ngarraí ná a chuirtear ann.” Mo fhealsúnacht féin maidir leis an gclós deiridh ó bhain mé amach an deic cúpla bliain ó shin is ea é sin! Tá cúpla saghas crann etc. nár chuir mé ag fás ann anois, in éineacht leis na plandaí a chuir mé ann.

    ReplyDelete
  3. @ Déanann feiceáil fírinne freisin.

    Bunchloch na bréige i gcolainn na fírinne, ó am go chéile..;-)

    @ nár chuir mé ag fás ann

    Nach minic an scéal sin ag an ngarraíodóir, a chara! Tugann sé féin weeds ar a leithéidí...

    ReplyDelete