Naisc Úsáideacha

Tuesday, January 15, 2013

Focail Liom Focail Leat

Sa mhír seo, táim ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha - mar chuid den chraic ó mhír Dé Céadaoin seo caite, an dtuigeann sibh.  

Roghnaigh mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus rinne mé athrú beag orthu - litir amháin a bhaint amach, nó litir sa bhreis a chur isteach, nó litir amháin a athrú (ní hionann ‘a’ agus ‘á’, abair) – agus thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail nuachumtha.  

Báincéir – duine a sciobann chuile phingin as póca duine eile.  

Fóinseach – bean nach bhfuil in ann bun ná barr a dhéanamh dá fón cliste.

Mar is iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur n-iarrachtaí féin, a léitheoirí. 

6 comments:

  1. Polaiteoir – duine a sciobann chuile phingin as póca duine eile.

    Deisithe agam dhuit. : )

    ReplyDelete
  2. { Bhí sé ro-ghearr don 15ú d'Aibreán dom an bhliain seo do Bhaincéir a bheith greannmhar.}

    ReplyDelete
  3. @ Deisithe

    ÁÁÁÁÁÁÁÁÁ, na polaiteoirí bochta...

    @ 15ú Aibreán

    April bhocht..:-)

    (Nach tráthúil d'ainm!)

    ReplyDelete
  4. Polaiteoirí bochta? Is billiúnaí iad cuid acu abhus.

    Mise an duine atá ar tí a bheith bocht! : )

    April bhocht, muis..ó bhuel, beidh sé níos éasca mo sparán a iompar! : )




    ReplyDelete
  5. "fóinseach"--an-chliste.

    ReplyDelete
  6. Faoiseach = Enda i ndiaidh na Féinne (más fíor) ???

    ReplyDelete