Naisc Úsáideacha

Friday, July 20, 2012

Mná Cliste

Aiféala orm, a fheara, ach caithfidh mé an scéal seo a roinnt libh.

Sea, tá mná níos cliste.

Ní hé nach raibh a fhios agam féin é sin, an dtuigeann sibh, ach bhí uaim an fhianaise a roinnt libhse, a fheara cliste, ar fhaitíos na bhfaitíos go bhfuil aon fhear cliste amuigh ansin, ahem, ag léamh an bhlag seo.

Ar ndóigh, thuigfeadh aon fhear cliste go bhfuil gá leis an scéal seo a roinnt, go forleathan go deimhin, le daoine a choinneáil ar an eolas faoi, ahem, fhíricí tábhachtacha an tsaoil seo.
  

7 comments:

  1. An dochar dom a rá go raibh a fhios sin ag madaí an bhaile cheana??

    Bhal, na bitseacha ar scor ar bith :-)

    ReplyDelete
  2. maith dhom mo dhalbacht, ach bhí orm an greann a ligint amach!

    ReplyDelete
  3. Is léir dom sin le fada an lá - ar a dhéanaí nuair a thugas faoi ndeara na mná ag fanacht sa leaba ar maidin agus na fir ag dul ar obair, taom croí agus a leithéid a fháil acu agus iad ag fáil bháís go luath fad a bhíodh na mná ag scoitheadh an 80 go rialta (agus de shíor ag clamhsán faoi stad na mban). ;-)

    Ach ta athrú tagtha ar an saol...

    Seans nach bhfuil na mná chomh cliste céanna feasta.

    ReplyDelete
  4. @ na mná ag fanacht sa leaba ar maidin agus na fir ag dul ar obair

    Bhí ar na mná cliste éirí, is dócha, le go dtaispeánfadh siad bealach a leasa do na fir..:-)

    ReplyDelete