Bhí
mé as baile le coicís anuas, gan An Garraíodóir liom, agus ar m’fhilleadh
abhaile dom aréir, sé’n scéal a bhí aige dom ná nár fhill an meantán gorm, ó chonaic muid go deireanach í. Tá an nead tréigthe, is cosúil.
Ní
thuigim céard a tharla dár n-éan álainn, ach feicim spioróg thart, ó am go
chéile, agus b’fhéidir go raibh baint éigin aici sin leis an scéal. Séanann
Sióg go raibh baint ná páirt aige féin leis an imeacht as amharc, ach an féidir
a chrónán a thrust? Dar
leis an seanfhocal, seachnaíonn súil ní nach bhfeiceann, ach ní aontóinn leis
sin, a léitheoirí. Fiú mura raibh sí linn ach seal, airím uaim í mo mheantáinín
gorm.
airím uaim í mo mheantáinín gorm
ReplyDeleteTuigim duit.