Sa ghrianghraf thuas, bhí an ghrian ag dul faoi i gConamara. D’imigh sí léi go deas réidh, mar a bheadh drogall uirthi mé a fhágáil, shílfeá, ó tharla mé ag imeacht uaithi, lá arna mhárach.
M’anam, ach bhí mé den bharúil gur fhan an ghrian chéanna thíos i nGaillimh, mar ní raibh dé ná deatach uirthi nuair a shroich mé Ceann Scríbe inné.
Ach, fan nóiméad…tá dath gorm ag teacht ar an spéir…tá na scamaill ag scaipeadh…sea, is í atá ann!
Tá sé fuar, a chairde, ach tá an ghrian ag scaladh in Inis Eoghain. Go mba hé daoibh, cibé áit ina bhfuil sibh.
Fáilte abhaile!
ReplyDeleteTá muid ag guidhe anseo nach mbeidh báisteach ann um thráthnóna - Lá an Tobar! Tá scammal dubh doracha ós ar gcionn anois ach tá trí sula dtosnaíonn an phátrún!
Aiféala orm, a Eoin, ach is cosúil gur ♫♪...Thugamar féin an Samhradh linn...♫♪ go hInis Eoghain!
ReplyDeleteBeannacht a bheas ann daoibh, má thiteann an bháisteach - nach é sin a deirtear, a chara...:-)