Naisc Úsáideacha

Wednesday, June 29, 2011

Focail Féilire

Ní bhíonn fadhbanna tráchta ar bhealach an aimhleasa.

'There are no traffic problems on the way to ruin.'  

6 comments:

  1. N'fheadar!

    “Téigí isteach tríd an doras cúng, mar is fairsing an doras agus is leathan an bóthar a sheolann chun léirscriosta, agus tá mórán a ghabhann an tslí sin isteach."
    (Mth 7:13)

    ReplyDelete
  2. Ceist gramadaí: an mbeadh “ní bhíonn” níos fearr i nath mar seo? Agus mar a dúirt Aonghus, feictear dom go mbíonn neart tráchta ar an mbealach sin i gcónaí! Ach is féidir go bhfuil an bóthar sách leathan.
    ;-)

    ReplyDelete
  3. Caithfidh mé a rá gur cheap mé féin go mbeadh neart fadhbanna tráchta ar an mbealach sin, ach b'fhéidir go bhfuil diabhal éigin ar an mbóthar a stiúrann daoine sa treo mícheart!

    @ an mbeadh “ní bhíonn” níos fearr

    Aontaím leat, a Dennis, agus táim chun é sin a athrú anois. Maith thú!

    ReplyDelete
  4. Bhuel tá bonn ceart faoi ar aon nós - níl aon ghanntanas deá-rúin chun dromchla láidir a chuir ar fáil.

    ReplyDelete
  5. Feicim go bhfuil leabhar féinchabhrach scríofa ag Sarah Ferguson anois, agus a leithéid de 'chúnamh' ón iar-bhanphrionsa:

    Become aware of your mind chatter.
    Tap into the healing power of animals in your life.

    In ainm Dé.

    Tuilleadh comhairle ó Fheirgí anseo: http://www.guardian.co.uk/uk/2011/jun/29/sarah-ferguson-duchess-york-advice?INTCMP=SRCH

    ReplyDelete
  6. @ níl aon ghanntanas deá-rúin chun dromchla láidir a chuir ar fáil.

    Tá'n ceart agat a Aonghuis!

    @ Become aware of your mind chatter.

    Hmmm...meas tú cé a stiúir ise ar a bealach, a John!

    ReplyDelete