De réir na pobalbhreithe seo, níl ach coicís agam le mo ghruaig a ghearradh, agus níor chóir dom a dhath eile ar an liosta thíos a chaitheamh, ach amháin an chulaith snámha.
An bhfuil a fhios agaibh céard é féin, a chairde, ach go dtí gur léigh mé tuairimí na mban sin, ní raibh a fhios agam go raibh teorannacha ann!
Pé scéal é, beidh mé as baile, gan mo ríomhaire, go ceann lá nó cúig, a léitheoirí. Tá éadaí le ceannach agam, an dtuigeann sibh. Meas tú cé mhéad a chosnódh polladh imleacáin…
- Bicíní, 47
- Mionsciorta, 35
- Búb Tiúb, 33
- Stílíní, 51
- Polladh Imleacáin, 35
- Bróga Glún, 47
- Bróga Spóirt, 44
- Bríste Leathair, 34
- Luiteoga, 45
- Bróga Ugg, 45
- Culaith Snámha, 61
- Veist Teann, 44
- Blús Sreabhann Uige, 40
- Gruaig Fhada, 53
- Pónaí, 51
polladh imleacáin: timpeall 50 euro.
ReplyDeleteCéard faoi bhurqa- gan dada faoi?
ReplyDeleteAr ndóigh, bhí a fhios agam go mbeadh an freagra agatsa dom, a Réaltan! :-)
ReplyDelete@ Dennis
Chonaic mé ceann nó dhó acu thart ar BÁC inniu agus inné, ach ní ormsa..:-)
Róshean bikini a chaitheamh?
ReplyDeleteTá tú ró-óg an Daily Mail a léamh, a Áine.
"ach amháin an chulaith snámha."
ReplyDeleteAgus cad a dhéanfadh bean agus an 61 slánaithe aici: dul isteach san uisce tarnocht?!
(Gan fiú is polladh imleacáin "uirthi"!)
@ John @ Ormondo
ReplyDeleteASG!