Naisc Úsáideacha

Friday, April 1, 2011

Céim Soir

Chaith mé an lá ar an mbóthar inné, ar mo bhealach go Baile Átha Cliath, agus Áras an Uachtaráin, áit ar fhan mé aréir, i seomra álainn ann, ó tharla cuireadh faighte agam bheith i láthair ag ócáid mhór a bheas ar siúl sa teach stairiúil seo, inniu.

An tseachtain seo caite a tháinig an cuireadh oifigiúil sa phost. Bhí sé scríofa ar chárta órchiumhsach, agus thosaigh sé leis na focail ‘Ba mhór ag an Uachtarán Uasal, Máire Mhic Ghiolla Íosa, agus a fear, Máirtín, cuireadh a thabhairt do 'Áine agus Sióg' bheith i láthair ag ócáid bhronnta na gcéimeanna, An Cat is Craiceáilte in Éirinn' agus ag an gceiliúradh ina dhiaidh sin i dTeach Farmleigh,  ar an Aoine seo, 1 Aibreán.'

Ar ndóigh, ní amadán mise, bíodh a fhios agaibh, a léitheoirí, agus céard eile a dhéanfainn, ach Sióg a chaitheamh sa charr, agus an bóthar soir a bhualadh. Cé nach cat é Sióg a dtaitníonn ócáidí callánacha leis, mura n-eagraíonn sé féin iad, tuigeann sé tábhacht an lae mhóir seo, agus táim den bharúil go mbainfimid beirt sult as.

Go mba hé daoibh, cibé áit ina mbeidh sibh inniu, a amadáin chairde.

3 comments:

  1. Nach aisteach an rud é go bhfuair mise an cuireadh céanna, agus gan oiread is puisín amháin againn anseo.

    ReplyDelete
  2. Aha! Ba thusa a bhí ag srannadh chomh láidir sin aréir agus chuireas an locht ar Mháirtín bocht!

    ReplyDelete
  3. @ SeanO

    Is mór an trua nár ghlac tú leis an gcuireadh, mar bhí an dinnéar go hálainn - biachlár 'a la cat' a bhí ann...

    @ Ormondo

    Aiféala orm faoi sin, a chara, ach rinne mé chuile iarracht é a choinneáil socair...

    ReplyDelete