An mise an t-aon duine amháin nach dtuigeann cén fáth nár éirigh leis na daoine - na daoine ar leo na buidéil fholmha sa ghrianghraf thuas, agus a d’fhág na buidéil chéanna ina ndiaidh ar an mbord picnice i Swan Park ar maidin – an mise an t-aon duine amháin nach dtuigeann, ar chor ar bith, cén fáth sa diabhal nár éirigh leo an fiche coiscéim a shiúl ón mbord picnice go dtí an bosca bruscar, atá le feiceáil go soiléir in aice an bhoird, agus na buidéil fholmha a chaitheamh isteach ann?
Mise leat. Ó cuireann an oiread bruscair caite ar na bóithe sa mbaile racht feirge orm. Agus is léir ón mbruscar céanna gur daoine áitiúla atá á dhéanamh. Fuair mé nuachtán lasmuigh den tigh inné. Tarlaíonn sé sin go minic. Tabloids i gcónaí.
Is léir, a Áine, gurb é an rud nach dtuigeann tú, ná gur saothar ealaíne cruthaitheach atá ann, ag léiriú folmhacht an tsaoil chomhaimseartha dúinn. Súil agam nár scrios tú é.
Táim den bharúil nach mbeadh suim dá laghad acu ina leithéid, a Kharen!
@ daoine áitiúla.
Nílim cinnte an daoine áitiúla a d'fhág ann iad, a John, mar bíonn cuairteoirí sa pháirc sin go minic. Mar sin féin, ní hé an chéad uair a leithéid feicthe agam ann, faraor
@ 'saothar ealaíne cruthaitheach atá ann'
ASG!
Ar ndóigh, a Mhíshásta, tuigim go rómhaith nach fúm atá sé léiriú ar bith ar fholmhacht an tsaoil seo a scriosadh...;-)
Mise ach oiread, a hÁine. Ceacht mhaith le Seachtain an Dhomhain.
ReplyDeleteMise leat. Ó cuireann an oiread bruscair caite ar na bóithe sa mbaile racht feirge orm. Agus is léir ón mbruscar céanna gur daoine áitiúla atá á dhéanamh. Fuair mé nuachtán lasmuigh den tigh inné. Tarlaíonn sé sin go minic. Tabloids i gcónaí.
ReplyDeleteIs léir, a Áine, gurb é an rud nach dtuigeann tú, ná gur saothar ealaíne cruthaitheach atá ann, ag léiriú folmhacht an tsaoil chomhaimseartha dúinn. Súil agam nár scrios tú é.
ReplyDelete@ Ceacht mhaith le Seachtain an Dhomhain.
ReplyDeleteTáim den bharúil nach mbeadh suim dá laghad acu ina leithéid, a Kharen!
@ daoine áitiúla.
Nílim cinnte an daoine áitiúla a d'fhág ann iad, a John, mar bíonn cuairteoirí sa pháirc sin go minic. Mar sin féin, ní hé an chéad uair a leithéid feicthe agam ann, faraor
@ 'saothar ealaíne cruthaitheach atá ann'
ASG!
Ar ndóigh, a Mhíshásta, tuigim go rómhaith nach fúm atá sé léiriú ar bith ar fholmhacht an tsaoil seo a scriosadh...;-)