Sin mar a scríobh Proinsias ar a bhlag anuraidh, agus bhí dearmad glan déanta agam féin den bhrat, go dtí go bhfuair mé glaoch, inniu, ó Bhean an tSléibhe, len é a chur i gcuimhne dom.
Chuaigh mé ag útamáil liom ar an idirlíon, le go bhfeicfinn cén scéal atá taobh thiar den nós seo, agus tháinig mé ar an méid seo, ón leabhar Gnás na Féile Bríde, le Sean Ó Duinn,
‘Seo nós a bhíodh ag na seandaoine fadó. Nuair a bhíodh Féile naomh Bríd ann do théadh fear an tí amach san oíche agus d' fhaigheadh sé punann choirce agus d' fhágadh sé ar leac an dorais í. 'Sé an fath a dhéantaí é sin na nuair a thagadh Naomh Bríd chuig an doras an oíche sin agus nuair a fheiceadh sí an phunann go gcuireadh sí rath ar an gcoirce sin an bhliain sin (IFC 902; 108; Seán Ó Conaire, Druid Snámh, Mám, Contae na Gaillimhe, Narrator; Cait Ni Chonaire, Scribe).’
Aisteach go leor, labhair mé le duine nó dhó as Conamara anocht, agus níl cuimhne acusan go mbíodh a leithéid á dhéanamh, ach is léir gur nós é ‘Bratach Bhríde’ a bhaineann leis an taobh seo tíre, Dún na nGall, pé scéal é. Scríobhann an t-údar,
‘What is expressed here, is a belief fundamental to the cult of Brigid in Ireland - the belief that Brigid returns from the Otherworld on this night, that she visits the houses of those who venerate her, and that she bestows her blessing on various objects placed outside the door, notably Brat Bhríde - a piece of cloth called 'St Brigid's Cloak' used for cures and protection.
These objects, placed outside the door on St Brigid's Eve, acquire special powers because Brigid has touched them...’
These objects, placed outside the door on St Brigid's Eve, acquire special powers because Brigid has touched them...’
Só, sin agaibh é, a léitheoirí. Téigí anois agus faighigí píosa d’éadach bán, agus. crochaigí taobh amuigh den doras anocht é. Ón méid atá léite agam anseo, beidh oraibh bheith in bhur suí roimh éirí na gréine ar maidin amárach, le go mbeidh drúcht na maidine, agus dá bhrí sin, is dócha, na ‘powers of healing and protection..’ fós ar an mbrat.
Mairfidh draíocht an drúchta ar feadh na bliana, deirtear, ach an brat a choinneáil slán sábháilte in áit éigin sa teach, le go mbeidh fáil agaibh air ‘in am an ghátair’.
Go n-éirí sibh, agus go n-éirí libh!
Déanta, a Áine!
ReplyDeleteAgamsa, freisin...;-)
ReplyDelete