Beidh tús á chur leis an bhFéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach an tseachtain seo chugainn, i gCeatharlach, am a ndéanfar ceiliúradh ar chultúir, ar thraidisiúin agus ar theangacha Ceilteacha na sé náisiún a bheidh páirteach ann; Éire, Alba (Albain), Breizh (An Bhriotáin), Cymru (An Bhreatain Bheag), Kernow (Corn na Breataine) agus Mannin (Oileán Mhanann).
Beidh an fhéile ar siúl ón 22-26 Aibreáin, agus a bhuí leis na coistí idirnáisiúnta agus leis an gcriú iontach atá acu i nGlór Cheatharlach, mar aon le hurraitheoirí agus le comhpháirtithe na féile, tá clár den scoth curtha le chéile acu; is féidir leagan PDF de chlár na n-imeachtaí a íoslódáil anseo.
Mar a fheicfidh sibh ó chlár na n-amhrán, thíos, bhí an Comórtas Náisiúnta Amhrán Nua Pan Cheilteach ar siúl ag deireadh mhí Eanáir, agus d'éirigh le Gráinne Álainn Ní Fhátharta an bua a fháil, arís, an geábh seo le m'amhrán nuachumtha, Fágtha Gan Freagraí. Beidh Gráinne ag casadh an amhráin, mar ionadaí na hÉireann, ag an bhféile idirnáisiúnta seachtain ón Déardaoin seo chugainn, an 24 Aibreán. Go n-éirí go geal léi, agus leis an bhféile ina hiomláine.
Tréaslaím a mbua le Gráinne (1ú háit, Amhrán #2), le Éire Ní Fhaoláin & Chulainn Ó Faoláin (2ú háit, Amhrán #11) agus le Anne Marie Ní Chonchubhair (3ú háit, Amhrán #8). Ní raibh mé fhéin i láthair ar an oíche, ach bíonn na comórtais le fáil beo ar líne agus d'éirigh liom gach amhráin a fheiceáil agus a chloisteáil beo ar an oíche.Mo bhuíochas ó chroí le mo dheirfiúr, Angela, a ghlac an duais ar mo shon, agus do Ghráinne a tháinig an bealach uilig as Conamara, ainneoin an damáiste a rinne stoirm Éowyn ar fud na tíre. Go deimhin, comhghairdeachas leis na hiomaitheoirí uilig. Rinne siad éacht nuair a d'éirigh leo uilig a mbealach a dhéanamh go dtí an Visual i gCeatharlach tar éis na drochbhaile a bhí curtha ag an stoirm ar an tír. Maith sibh uilig!
No comments:
Post a Comment