Chuile bhliain, ag Oireachtas na Samhna, tagann filí le chéile ag an gCúirt Filíochta agus cloiseann muid a ndánta nó, ó am go chéile, cloistear amhrán nó dhó. Anois is arís, léann daoine dánta ó fhilí eile, filí nach féidir a bheith linn ar an lá ar fáth amháin nó ar fáth eile.
Bíonn Proinsias Mac a'Bhaird (An Sirriam Gníomhach, agus an fear a chuir tús leis an ócáid an chéad lá riamh), Bríd Ní Mhóráin agus mé fhéin (na mná tí) fíorbhuíoch de na rannpháirtithe uilig, de lucht an Oireachtais agus de na hurraitheoirí as a gcuid tacaíochta, go háirithe Foras na Gaeilge a chuidíonn linn chuile bhliain - murach iad uilig ní bheadh an Chúirt Filíochta ag leanúint ar aghaidh mar atá, agus ag dul ó neart go neart chuile bhliain ón mbliain 2010.
Sna blianta 2020 agus 2021, is go fíorúil a chualamar uaidh na filí éagsúla, agus tá na físeáin iontacha a chuir Proinsias le chéile fós le feiceáil ar shuíomh YouTube an Oireachtais anseo (2020) agus anseo (2021). Tugadh Joe Steve Ó Neachtain agus Betsy Ní Shuibhne, scríbhneoirí a bhíodh linn ag an gCúirt Filíochta, chun cuimhne sna físeáin sin. Suaimhneas síoraí dá n-anamacha. Airíonn muid uainn iad.
Is féidir tuilleadh a léamh faoin gCúirt Filíochta (2010-2018) anseo, ach is mar a leanas a tháinig na filí le chéile, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, ón mbliain 2019 ar aghaidh:
2019
Sylvia Bledow, Seán Ó Muireagáin, Áine Ní Ghlinn, Celia de Fréine, Máire Burns, Máire Ní Bhriain, Bríd Ní Mhóráin, Proinsias Mac a'Bhaird, Alan Titley, Tadhg Mac Dhonnagáin, Ciara Ní É, Máire Ní Oibicín Uí Eidhin, Matt Ó Maonaigh, Paddy Mhéime Ó Súilleabháin, Micheál Ó Ruairc, Bríd Ní Choistealbha.
2020 - go fíorúil
Dairéna Ní Chinnéide, Máire Dinny Wren (léite ag Suzanne Ní Ghallchóir), Labhrás Ó Finneadha, Áine Ní Ghlinn, Gearóidín Nic Carthaigh, Pádraig B. Ó Laighin, Bríd Ní Mhóráin, Micheál Ó Ruairc, Róisín Sheehy, Paddy Bushe, Sylvia Bledow, Gabriel Rosenstock, Stiofán Ó Briain, Aedín Ní Ghadhra, Mícheál Ó hUanacháin, Áine Durkin, Matt Ó Maonaigh, Colette Ní Ghallchóir, Seán Ó Muireagáin, Ciara Ní. É, Pádhraic Ó Finneadha, Máire Ní Bhriain, Proinsias Mac a'Bhaird, Celia de Fréine, Nuala Reilly, Eoin McEvoy, Sam Ó Fearraigh, Philip Cummings, agus dán le Joe Steve Ó Neachtain (léite ag Áine Durkin) ina chuimhne.
2021 - go fíorúil
Áine Durkin, Eoin McEvoy, Róisín Sheehy, Philip Cummings, Áine Ní Ghlinn, Paddy Bushe, Oisín Seoighe, Bríd Ní Mhóráin, Ciara Ní É, Proinsias Mac a'Bhaird, Pádraic Ó Finneadha, Máire Ní Bhriain, Sylvia Bledow, Labhrás Ó Finneadha, Seán Ó Muireagáin, Dúbhán Ó Longáin, Colette Ní Ghallchóir, Sam Ó Fearraigh, Hilary Nic Suibhne, Matt Ó Maonaigh, Nuala Reilly, Laoighseach Ní Choistealbha, dánta le Máire Mac an tSaoi ina cuimhne, agus mír in ómós do Bhetsy Ní Shuibhne, freisin.
2022
Áine Ní Ghlinn, Bríd Ní Mhóráin, Carmel Cummins, Ceaití Ní Bheildiúin, Áine Durkin, Labhrás Ó Finneadha, Máire Ní Bhriain, Matt Ó Maonaigh, Mícheál Ó hUanacháin, Proinsias Mac a'Bhaird, Seán Ó Muireagáin, Stiofán Ó Briain, Dubhán Ó Longáin, Ciara Ní É, Pádraig Ó Laighin, Conchubhar Ó Liatháin, Christina Warner, Róisín Sheehy, Réaltán Ní Leannáin, Máirín Mhic Lochlainn, Máire Ní Laoire, Seán Ó Fearghail, dán uaidh Alan Titley (léite ag Áine Durkin agus Bríd Ní Mhóráin).
2023
Áine Ní Ghlinn, Mícheál Ó hUanacháin, Ceaití Ní Bheildiúin, Máire Ní Bhriain, Eoin McEvoy, Máire Ní Laoire, Matt Ó Maonaigh, Sylvia Bledow, Proinsias Mac a'Bhaird, Celia de Fréine, Stiofán Ó Briain, Pádraig Mac Fhearghusa, Bríd Ní Mhóráin, Dairéna Ní Chinnéide, Micheál Ó Conghaile, Cathal Póirtéir, Amy Ní Chumaing, Máirín Mhic Lochlainn, Niamh Nic Lochlainn, Aoife Nic Dhonncha, Áine Moynihan, Rhys Iorwert (Cymru), Alasdair (Alba), Seána (Alba), Riáin (amhránaí), agus dán uaidh Art Ó Maolfabhail (léite ag Pádraig Mac Fhearghusa)
Grianghraif
Maith sibh?/muid uilig
ReplyDeleteMuid uilig? 😎
ReplyDelete