Maithiúnas i do chroí, cuimhneamh i do cheann. Forgive your enemies, but never forget their names. An leagan Gaeilge uaimse, an leagan Béarla ó John F. Kennedy. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí. Seanfhocal nó dhó as an leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal Comhairle, mar a leanas: Éist go glic le comhairle an tseanduine. Is ionann comhairle is cúnamh. Is fusa comhairle a thabhairt ná a ghlacadh. Ba mhinic comhairle mhaith ag amadán. Ná cuir méar trí do shúil féin. Is fearr comhairle in am ná dhá chomhairle ar ball. Scrúdaigh go maith an chomhairle atá ag dul i bhfabhar smaointe.
"Fág do mhaithiúnas leis an namhaid, agus fág a ainm greanta ar do chuimhneamh."
ReplyDeleteNí fheadar an bhfuil sé inráite mar sin.
Do naimhde maite agat
ReplyDeleteA n-ainmneacha greanta
Maith sibh..:-)
ReplyDelete