Naisc Úsáideacha

Tuesday, June 4, 2013

Focail Féilire

Tagann aois le ciall.

Age is whatever you think it is. You are as old as you think you are.

An leagan Béarla ó Muhammad Ali, agus an leagan Gaeilge uaimse. Mar is iondúil, cuirim fáilte roimh bhur leaganacha féin, a léitheoirí.

Ó tharla mé ag tagairt d’aois, tháinig mé ar na seanfhocail seo a leanas, faoin gceannteideal ‘Aois,’ sa leabhar Seanfhocla Chonnacht

Is fearr a bheith liath ná leamh.

Nuair is óige an tslat is éasca a lúbadh.

Ní féidir ceann sicín a chur ar sheanchearc.

Níl fear dá láidre nach leagann an aois é.  

11 comments:

  1. Bhuel sílim gaois a bheith sa leagan Gaelach - ní thagann ciall roimh aois. Ní hionann agus go dtagann ciall le haois - tig le duine a bheith anonn sna blianta ach fós dúr!

    ReplyDelete
  2. Ceann eile ó Chnuasach Dennis' http://www.sengoidelc.com/node/310


    Ná meas m'eagna ar m'óige,
    's go meallfainn fear féasóige;
    mo chridhe gan baois im bruinn,
    is sine ná m'aois m'fhoghluim.

    ReplyDelete
  3. Ceann eile fós uaidh:
    http://www.sengoidelc.com/node/307

    Óg gach neach san aois óige,
    óg arís gach seanóire;
    óg deireadh aoise gach duine,
    deireadh gach seanaoise óige.

    ReplyDelete
  4. Is maith liom iad, a Aonghuis - grma, tú féin agus Dennis as iad a roinnt linn!

    Séard a bhí i gceist agam leis an bhfocal sin 'ciall' ná an chiall a bhaineann an duine féin as a aois, mar a déarfá - an 'perception' úd a ligeann dúinn uilig muid féin a choinneáil in aois na hóige,nó a mhalairt, más mian linn..:-)

    Bhí mé ag spraoi leis an seanleagan 'tagann ciall le haois' ag an am céanna. Ach, ní lia duine ná tuairim, agus bainfidh gach duine a, ahem, chiall féin as an nuafhocal, seans.

    ReplyDelete
  5. Tá ciall leis sin!

    I'd intinn t'aois, ab ea?

    ReplyDelete
  6. Mo chuimhne, thug mé suntas do sheanfhocal eile sa leabhar sin Seanfhocla Chonnacht:

    'Níl moladh le tabhairt d'fhear féasóige' agus bhí nóta faoi a dúirt 'Ná tugtar omós dó' (aiféala orm faoi sin!) ach é molta, freisin, go mb'fhéidir 'gur chóir 'mealladh' a léamh anseo;' - feicim gur 'meallfainn fear féasóige' atá agat sa dara trácht thuas.

    Suimiúil, ó tharla é luaite sa leabhar, chomh maith céanna, 'tá meascadh idir 'mealladh' is 'moladh' in 4504'.

    ReplyDelete
  7. @ I'd intinn t'aois, ab ea?

    Go díreach! Creidim gurb é sin a bhí i gceist ag Muhammad Ali sa leagan Béarla - bhuel, sin an chiall a bhain mé féin as, pé scéal é..;-)

    ReplyDelete
  8. Tá an t-ulchabhán seo meallta ansin ag an moladh uait!

    ReplyDelete
  9. Fear óg an fheasa thú - fear feasóige , b'fhéidir: focal nuachumtha, i'd onóir, a chara..;-)

    ReplyDelete
  10. Nuair is óige an tslat is éasca a lúbadh.>>>>>>

    Tá a fhios agam go bhfuil an ceann thuas fíor. Taithí pearsanta, bíodh fhios agat. : )

    ReplyDelete
  11. @ April

    Tusa, agus go leor daoine eile, cheapfainn, a chara...

    ReplyDelete