Naisc Úsáideacha

Saturday, January 26, 2013

Focail Liom Focail Leat

Sa mhír seo, táim ag leanúint ar aghaidh le m’fhocail nuachumtha, mar atá déanta agam cheana.

Roghnaigh mé cúpla focal eile as an bhfoclóir, agus d'athraigh mé iad rud beag - litir amháin a bhaint amach, nó litir sa bhreis a chur isteach, nó litir amháin a athrú; ansin, thug mé mo shainmhíniú féin ar na focail nuachumtha.

Bíoblag – suíomh idirlín cráifeach atá dírithe ar bhíobhaí. 

Mamadán – fear nach féidir leis bheith dílis d’aon bhean ach amháin dá mháthair féin.

Mar is iondúil, agus más mian libh, cuirim fáilte le bhur n-iarrachtaí féin, a léitheoirí. 

Agus, cuirim fearadh na fáilte roimh an bhFoclóir Nua Béarla-Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge. Go n-éirí go geal leis!

9 comments:

  1. Go deas. Focal nua domhsa bíobhaí.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Macadán (ó "mamadán") – mac mná nach bhfuil sásta mar go bhfuil sí pósta le mamadán ach a bhfuil súil aici go mbeidh a mac féín ina mhamadán. ;-)

    ReplyDelete
  4. @ Aonghus @ bíobha

    Chonaic mé féin é, den chéad uair, in WinGléacht, agus mé ar mo nós 'cumadh liom'..;-)

    Meas tú an bhfuil nasc ar bith idir an 'bíob' sin san fhocal 'bíobla' agus 'bíobha'?

    @ Ormondo @ macadán

    Tá an focal sin againn cheana, go deimhin, ach is aoibhinn liom do shainmhíniú féin - an-chliste..:-)

    ReplyDelete
  5. Caolseans

    Bíobla < biblios (leabhair)

    Tá bibdu i nDIL leis an ciall ciontach.

    ReplyDelete
  6. ag baint an-sult go deo as na focail seo uilig!

    ReplyDelete
  7. Tá admháil le déanamh agam: ní féidir liom “focail leat” a fheiceáil anseo gan “focáil leat” a chloisteáil i m'intinn bhrocach!

    ReplyDelete
  8. @ Réaltán @ Dennis

    Mise freisin..;-)

    ReplyDelete