Lá
Gníomhaíochta na mBlag inniu, (bhuel, inniu inné anois, feicim ón dáta thuas!) gan deis agam bheith chomh gníomhach san earnáil agus
ba mhaith liom a bheith.
Ach,
sin é an saol, agus sin mar a bhíonn an saol in earnáil na mblaganna.
Súil agam gur bhain sibh sult as an lá, a chomhbhlagálaithe!
Súil agam gur bhain sibh sult as an lá, a chomhbhlagálaithe!
Blagáil Abú!
Déanta na fírinne, táimse ag éirí iontach tuirseach de. Agus níos tuirsí fós de na captchas a thugann Blogger dúinn. Tá tuíteáil i bhfad níos éasca! Ach má bhíonn rud éigin casta le mhíniú agam, bainfidh mé feidhm as an seanbhlag fós.
ReplyDeleteThis comment has been removed by the author.
ReplyDeleteTá na captchas sin uafásach, a Dennis! Is minic go gcaithim iad a athscríobh arís is arís eile, mar nach bhfuilim in ann na diabhal rudaí a léamh i gceart - agus ní dóigh liom go bhfuilim caoch, ná caochta!
ReplyDelete@ Tá tuíteáil i bhfad níos éasca!
Níl aon locht agam ar Twitter, mar mheán, ach ní bhíonn am agam bacadh leis, go minic, agus is fearr liom giota níos faide a scríobh, nuair a bhíonn aon aga agam ar smaoineamh/eolas/trácht a roinnt.
@ bainfidh mé feidhm as an seanbhlag fós.
Ag súil go mór le na giotaí 'casta' sin uait, a chara..:-)
Caithfidh mé imeacht anois, agus leathuair a chaitheamh ag iarraidh an captcha thíos a léamh agus a líonadh isteach - b'fhéidir go mbeadh Twitter níos gasta. ASG!
Is féidir an CAPTCHA úd a mhúchadh. Tá sé déanta agam féin anois do mo bhlag. Cuirfidh mé suas píosa ar ball ag míniú conas. Is beag turscar a bhí á fháil agam roimhe; mar sin sílim gur fiú dul sa tseans.
ReplyDeleteSea, sinne na seanbhlagadóirí, bailithe timpeall an scáilleáin ag insint scéalta dá chéile faoi laethanta geala ár n-óige...
ReplyDelete@ Aonghus - Mínigh, led thoil!
ReplyDelete@ Cuirfidh mé suas píosa ar ball ag míniú conas
ReplyDeleteAg súil go mór leis, a Aonghuis!
@ seanbhlagadóirí, bailithe timpeall an scáilleáin
Airneál na mBlag, a Shéamais..:-)