Naisc Úsáideacha

Monday, September 24, 2012

Focail Féilire

D’íosfadh aon bhearna amháin an garraí go léir.

'Every unpunished delinquency has a family of delinquencies.'

Is ó Herbert Spencer a tháinig an leagan Béarla, feictear dom, agus fuair mé an leagan Gaeilge ón leabhar Seanfhocla Chonnacht, faoin gceannteideal ‘Locht.’

Tuilleadh ón leabhar sin, ag cloí leis an téama céanna, b’fhéidir, le ceannteidil an leabhair i gcló dubh:

Cleachtadh

Ní bhíonn an smacht ach an áit a bhfuil an tslat.

Locht

An áit a bhfuil lúb ar lár, is gearr go mbí ina poll.

Daoine

Is iad na cnámha a bhfuil an meáchan iontu.

Breathnú Romhat

Níl tuile dhá mhéid nach dtránn.

Cáil

Ceangail den drochrud is ceanglóidh sé dhíot.
 

7 comments:

  1. Léigh mé an leagan Béarla ar dtús agus níor thuig mé é go dtí gur léigh mé an leagan Gaeilge!

    ReplyDelete
  2. Aha: Bearna sa fál atá i gceist. Mé beagán mall-intinneach inniu.

    ReplyDelete
  3. @ 'theoiric na fuinneoige briste'

    Táim eolach air, a Dennis, agus sí an teoiric sin a rith liom nuair a léigh mé an leagan Béarla ar dtús.

    Is cuimhin liom go raibh go leor cainte faoin teoiric chéanna aimsir an zero tolerance

    @ 'mall-intinneach inniu'

    Tuigim do chás,a SheáinÓ, ach go dtugaim féin 'brain fog' ar a leithéid nuair a tharlaíonn sé dom féin, ó chuala mé duine éigin, cara liom, ag rá go raibh sí ag dul tríd 'Brain Fog Day!'

    ReplyDelete
  4. “A Senior Moment” atá againn ar a leithéid abhus.

    ReplyDelete
  5. "Ní bhíonn an smacht ach an áit a bhfuil an tslat."

    Ní ó fheimíneach an nath sin, ar aon nós, déarfainn. ;-)

    ReplyDelete
  6. @ Ní ó fheimíneach an nath sin

    An chuma sin air, a chara..:-)

    Cé gur cumadh na seanfhocail uilig blianta fada ó shin, a Fhearghuis, fós mothaím ait agus seanfhocal á athscríobh agam nuair atá úsáid na slaite 'molta' in aon áit ann!

    @ A Senior Moment

    Go deimhin, tá taithí agam orthu sin, freisin, a chara..:-)

    ReplyDelete