Naisc Úsáideacha

Tuesday, August 14, 2012

Cén Sórt É?

Blagaire:              Duine maíteach
                           Maíteach: boastful, begrudging, envious.

Giolcaire:             Duine a bheadh ag giolcadh nó ag cabaireacht
                           Cabaireacht: babbling, chin-wagging, loquacity.

Gnúiséara:            Duine milleánach doshásta.
                            Milleánach: fault finding. Doshásta: hard to
                                      please.

Mo bhuíochas don leabhar Cén Sórt É, le Tomás Ó Fiacháin, as na hainmneacha sin thuas a chur ar fáil dom.

Agus iad á roinnt agam libh anseo, a léitheoirí, ní hé sin le rá go gceapaim go bhfuil baint acu le daoine a scríobhann ar Blogger, ar Twitter ná ar Facebook, ach chonaic mé iad agus, bhuel, cheap mé gurbh fhiú iad a roinnt, gan fáth gan ábhar.

Ar an, ahem, ábhar sin, cuireann sé iontas orm, go minic, na nithe a roinneann daoine ar shuíomhanna meán sóisialta. Léigh mé alt san Indo inné agus, más fíor, thug duine amháin ‘f***ing c***’ ar dhuine eile, agus bhagair an duine eile sin, más fíor, agra i leith clúmhillte a dhéanamh i gcoinne na mná a scríobh na focail dhána faoi ar Twitter.  

Anois, níl mise ag dul ag cur mo ladar i scéal nach mbaineann liom, ar fhaitíos na bhfaitíos, an dtuigeann sibh, ach rith an smaoineamh liom go mbeadh sé an-deacair clúmhilleadh a chruthú mura mbeadh duine iomlán cinnte céard is ‘f***ing c***’ ann.

Roinnfinn an míniú libh anseo, a léitheoirí, ach níor éirigh liom é a aimsiú sa leabhar Cén Sórt É? 

5 comments:

  1. "Fallaing ceirte" - má tá na réiltíní comhairthe i gceart agam.

    Cá bhfios, b'fhédir go bhfuil a leithéid de mhasla sa tSeanGhaelainn?

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir 'falaing cham' nó 'fuiling croí', meas tú?

    @ b'fhédir go bhfuil a leithéid de mhasla sa tSeanGhaelainn?

    B'fhéidir é..:-)

    ReplyDelete
  3. Go hiontach ar fad. Is ceardaí cruthanta focal thú! Agus tá líon na litreacha i gcomhréir le líon a réiltíní agat.

    Ceapaim go n-oireann "falaing cham" go deas do chúrsaí lúbaireachta mar is meafar sách nimhneach é.

    D'oirfeadh "fuiling croí" go maith, mar shampla, don leannán atá imithe "ar seachrán".

    Agus tá a fhios againn anois an fáth a n-úsáidtear na réiltíní: i dtreo is nach n-aithneodh an duine i gceist cé acu ceann atá i gceist! Sa chaoi sin d'fhéadfá a rá go ndúblaítear neart an mhasla.

    Féach air sin anois. Lucht an Indo agus a "f***ing c***", is ar éigean a n-aithneofá orthu cé chomh cliste agus atá siad.

    (Ní nach ionadh go bhfuil mo dhuine ar buile.)

    ReplyDelete
  4. Tá a lán téarmaí mar seo ar fáil saor in aisce ón suíomh “Is Iomaí Duine ag Dia”. Tosaigh le “gluais” más mian leat cuardach a dhéanamh le focal Béarla: “nose”, mar shampla. Bain sult as!

    ReplyDelete
  5. Ah bhuel. Blagadóir seachas blagaire mise, dar liom. Ach monuar giolcaire mé freisin!

    ReplyDelete