Naisc Úsáideacha

Tuesday, June 26, 2012

Wee Scéal Daoibh

Léigh mé tuairisc, le Senan Molony san Irish Daily Mail Dé Sathairn seo caite, go bhfuil an focal beag sin ‘wee’ ina fhocal un-parliamentary - dar le feidhmeannaigh na Dála.

‘No more wee words’ a bhí mar theideal ar an bpíosa a scríobh Senan, agus sí an chuid d'abairt - a dúradh sa Dáil agus a tháinig ó bhéal an teachta Brian Stanley -  a tharraing aird na bhfeidhmeannach, dar le Senan, ná ‘people will have neither a tea nor a wee break.’

an leagan oifigiúil parlaiminteach ar shuíomh Thithe an Oireachtais anois, a scríobh Senan, agus is ‘people will have neither a tea nor a toilet break.’ atá le léamh ansin.  

Is iomaí wee break a bhíonn againn féin anseo i dTír Chonaill, agus cé go mbíonn baint nach beag ag an wee drop of tea leis an scéal, ó am go chéile, is beag a cheapamar go raibh sé a wee bit un-parliamentary an wee word sin a úsáid!     

11 comments:

  1. Na leanaí bochta íogaire ...

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Sea, go deimhin, a Aonghuis..:-)

    ReplyDelete
  4. Pipi? Plasen? Pinkeln?
    Á! Múnann gá seift!!

    Ach an rud a chuir iontas orm, a Áine, go léann tú an páipéar leitris sin> Spleoid ort!

    ReplyDelete
  5. @ Múnann gá seift

    ..:-)

    @ Ach an rud a chuir iontas orm,

    Cén fáth iontas ort, a Fhearn? Léim go forleathan, le m'aigne a choinneáil ón gcúngaigeantacht. Bhuel, déanaim iarracht, pé scéal é..:-)

    ReplyDelete
  6. Aontaím le Senan; "wee-wee break" an leagan ceart. Nach ea? ;-)

    ReplyDelete
  7. @Cén fáth iontas ort, a Fhearn?

    Bhí mé idir súgradh is dáirire, a Áine!
    An súgradh: coinneáil le híomhára an uisce a dhéanamh agus cur leis!
    An dáiríre: Nuachtán buí Shasana faoi chóitín glas Éireannach? B' fhearr an rud dílis fhéin, dar liom.

    ACH más ar mhaithe le forleithne léitheoireachta é, molaim d'iarraidh

    ReplyDelete
  8. @"wee-wee break"

    De réir an fhoclóra, tá wee agus wee-wee ar an aon taoscán agus an aon gníomh.

    Ach is féidir a rá i mBéarla ceart' le blas Albanach:
    We wee-wee wee wee-wee.

    ReplyDelete
  9. @ We wee-wee wee wee-wee

    ..:-)

    @ Ormondo

    Tá an dá leagan cloiste agam - an 'going for a wee' agus an 'going for a wee-wee'.

    Anois, caithfidh mé athsmaoineamh a dhéanamh ar an scéal sin faoin muicín a chuaigh 'wee wee wee all the way home!'

    ReplyDelete
  10. Maidir le "wee break" etc. an bhfuil a fhios agat go bhfuil áit faoin tuath i gContae an Chláir darb ainm "Moon Cross". Ní deacair sanasaíocht a shamhlú leis ach a fhios a bheith agat go bhfuil teach tábhairne faoi scread asail ólta de.

    ReplyDelete
  11. ' Moon Cross".

    Fíorscéal, is dócha, a Fhearghuis..:-)

    ReplyDelete